‘Béile fíorúil’ i measc na n-iontas ag seoladh ‘Digital Biscuit’

Bhí ‘béile fíorúil’ i measc na n-iontas a bhí roimh Pat Butler nuair a d’fhreastail sé ar sheoladh ‘Digital Biscuit’ an tseachtain seo i nGailearaí na hEolaíochta

IMG_4367
Dearbhla Walsh ag seoladh Digital Biscuit

Ní minic a chaitear haic iriseora isteach i lár an aicsin le linn preasócáide. Ach sin díreach a tharla dom ag seoladh ‘Digital Biscuit’ an tseachtain seo i nGailearaí na hEolaíochta, Sráid an Phiarsaigh.

I dtaca le duine de phríomhstiúrthóirí scannán Éireann, Dearbhla Walsh, Ken O’Shea (RTÉ) agus scata eile, tugadh cuireadh dúinn bheith rannpháirteach i mbéile fíorúil, creid, nó ná creid a leithéid, a bhuíochas sin do shamhlaíocht an duine agus do mhíorúiltí na teicneolaíochta. Tuilleadh faoin eispéiriú eiseach sin ar ball beag!

D’fhógair an Screen Director’s Guild of Ireland ‘Digital Biscuit’ inniu le flosc. Beidh an Science Gallery ar Shráid an Phiarsaigh ag teacht anuas le maithe agus móruaisle scannán idir Céadaoin 28 – Aoine 30 Eanáir. Ní fhágfar David Chase ina chadhain aonair ann ná baol air. Cé eile a bheidh mar chuideachta aige ach Michel Gondry, (Eternal Sunshine of the Spotless Mind) agus Bruno Delbonnel, cineamatagrafaí Amelie’, Harry Potter and the Half Blood Prince, agus Big Eyes Tim Burton.

Seolfar imeachtaí an Fhóraim ar an gCéadaoin, an 28 Eanáir le Inherent Vice, scannán noir le Paul Thomas Anderson faoi chomhbhráithreachas lucht na gclár surfála, ambaist.

Ceann eile a gcuirfear spéis fhorleathan ann ná beochan le Naom Chomsky Is the Man Who is Tall Happy? – sin ceist! – stiúrtha ag Michel Gondry.

Ach is leithne ‘Digital Biscuit’ ná fóram don scannán ollmhór agus don aoichainteoir idirnáisiúnta. Is lárnaí ann, ar bhealach, ceiliúradh na nuatheicneolaíochta dúchais.

Leis an gconspóid go léir le déanaí faoi dróncheamaraí, tarraingíodh caol díreach mé go seastán ‘Hexicam – Aerial Photo and Cineamatography’.

Thiocfá ortha i gCionn Locha, Tuaisceart Chontae Liatroma. Sin dea-scéal, aon lá den tseachtain. Deir Mark McGuire go bhfacthas a chuid oibre sa scannán faisnéise One Million Dubliners – scéal phobal Reilg Ghlas Naíon, spioraid agus ainspioraid araon.

Ní fada anois go bhfeicfear dróncheamradóireacht ‘Hexicam’ in eagrán nua den Wild Atlantic Way ar ITV. Thairis sin, soláthraíonn siad ceamaraí héileacaptair don tionscal, thall, thairis is abhus. Nó d’éinne a bhfuil €25,000 sa chúlphóca aige ag dó na geirbe aige.

An ‘bréagán buachalla’ sainiuil, déarfainn, má bhí a leithéid ann riamh. https://www.hexicamaerials.com/

Tá scéal Brown Bag Films, Give Up Yer Aul’ Sins, sna figiúirí freisin: 20 bliain ag fás, beirt ann ag an tús. 160 sároilte ag caitheamh na mbeochan ollmhór amach le díograis i mbliana.

Dreas figiúr eile, 8,500 leantóir ar Twitter agus 6 mhilliún ‘buille’ ar YouTube. Ach is iad an dá Ainmniúchán Oscar na figiúirí is tábhachtaí ar fad – barrántas na fostaíochta leanúnaí, sainmharc na foirfeachta.

Tá an-spin go deo ar mo sheanchara Dearbhla Walsh. Nach í atá ar bís  tar éis seoladh Esio Tro (Roald Dahl) dá cuid ar an mBeeb Lá Coille. (Dustin Hoffman i ngrá le Judi Dench). Scannán a chuir lúcháir ar lucht léirmheastóireachta.

Tá aistear cróga curtha di ag Dearbhla ó chéadchuireas aithne uirthi in RTÉ i 1989. Má bhí an mianach inti ón tús, agus ba léir go raibh, í féin amháin a thug chun blátha gach foirfeacht inti. Duine i measc ‘good guys’ na ceirde is ea Dearbhla. Agus ní haon bhéal bán an méid sin.

Fillim ar deireadh ar an mbéile fíorúil thuasluaite. Chaitheamar orainn na gloinní ‘Oculus Development Kit 2’. Chuir Mads Damsbo na Danmhairge The Doghouse dá chuid ar siúl. Ansin a thosaigh an spórt.

Ní ag faire a thuilleadh a bhíomar, ach rannphairteach san aicsean. Agus ní hé go raibh orm pé brí ba mhaith liom féin a bhaint as, a la Hidden, le Haneke, ach is amhlaidh go rabhas, ar chaoi nach féidir liom a mhíniú, in ainm Chroim, rannpháirteach, go fisiciúil, sa scéal!

‘Ceannscrios ceart do chonac, a ghile na ngile…..’, ar Shráid an Phiarsaigh, 2015.

Anois, sin ‘Wow’ duit, a Mhary McAleese.

Fág freagra ar '‘Béile fíorúil’ i measc na n-iontas ag seoladh ‘Digital Biscuit’'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Fáilte ar áis a Phat.Is fada uainn ó bhí tú ag scríobh do Bheo.