‘Beidh tionchar ag 280 carachtar Twitter ar an mbealach a scríobhtar i nGaeilge ar líne’ — Scannell

Dúirt an tOllamh Kevin Scannell go bhfuil difríochtaí suntasacha cheana féin sna struchtúir theanga a úsáidtear ar Twitter i gcomparáid le ‘gnáth-théacsanna Gaeilge’ i bhfoinsí eile atá ar fáil ar líne

‘Beidh tionchar ag 280 carachtar Twitter ar an mbealach a scríobhtar i nGaeilge ar líne’ — Scannell

Measann an saineolaí ríomhaireachta Kevin Scannell, ó Ollscoil Missouri i St Louis, go mbeidh tionchar ag an athrú atá déanta ag Twitter ar líon na gcarachtar a cheadaítear i ngiolcacha ar nósanna scríbhneoireachta na Gaeilge ar líne.

Dúirt Scannell, atá i mbun taighde leis an Dochtúir Teresa Lynn ó Choláiste na Tríonóide, ar an mbealach a úsáidtear an Ghaeilge ar líne, le Tuairisc.ie go bhfuil difríochtaí suntasacha cheana féin sna struchtúir theanga a úsáidtear ar Twitter i gcomparáid le “gnáth-théacsanna Gaeilge” in ailt nuachta, ar bhlaganna, in úrscéalta agus i bhfoinsí eile atá ar fáil ar líne.

Thug sé le fios gur mar gheall ar an líon teoranta carachtar a cheadaítí ar Twitter atá na difríochtaí scríbhneoireachta seo ann. Ní raibh ar fáil do ghiolcairí Gaeilge ach 140 carachtar i ngach giolc, rud a d’fhág go raibh ar chainteoirí Gaeilge bealaí a aimsiú le mórán a rá i mbeagán focal.

An tseachtain seo, chuir Twitter a dhá oiread sin, 280 carachtar, ar fáil d’úsáideoirí i ngach teanga ach amháin teangacha an Chian-Oirthir nach dteastaíonn mórán spáis uathu ar chor ar bith chun abairtí fada a chur in iúl a bhuí leis an gcóras scríbhneoireachta atá i bhfeidhm sna teangacha sin.

“Tá na habairtí [ar Twitter] níos giorra ar ndóigh, agus mar thoradh air sin, ní fheictear an líon céanna clásal coibhneasta ar Twitter mar shampla. Déarfainn go bhfeicimid athrú air seo de réir a chéile leis an spás breise,” a dúirt Scannell le Tuairisc.ie.

Measann Scannell go mbainfidh cainteoirí Gaeilge an-úsáid as an spás dúbailte atá anois ar fáil dóibh ó tharla go mbíonn “céatadán an-ard” giolcacha ann a bhaineann an teorainn 140 carachtar amach go beacht. De réir staitisticí atá curtha ar fáil do Tuairisc.ie ag Scannell, bhí 140 carachtar is os cionn dhá mhilliún den 2.3 milliún giolc a seoladh i nGaeilge go dtí seo.

Chruthaigh Scannell an suíomh IndigenousTweets.com roinnt mhaith blianta ó shin “mar chruthúnas go bhfuil go leor pobal mionteanga ann” agus nach bhfuil “aon chonstaic mhór ar chumarsáid i mionteangacha ar Twitter”.

Dúirt sé le Tuairisc.ie go gcuireann sé an-spéis sa difríocht sa mhéid eolais is féidir a chur in iúl in 140/280 carachtar ó theanga go teanga.

“Tá an córas scríofa atá ag teangacha áirithe níos éifeachtúla ná cinn eile, agus is féidir meastachán a dhéanamh air sin. Tá an Ghaeilge, Gaeilge na hAlban, an Mhanainnis, an Bhascais, agus an Fhreaslainnis mar an gcéanna maidir leis seo. Tá an Bhreatnais timpeall 5% níos éifeachtúla ná an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban agus araile.

“Ar an taobh eile, tá an Ghaeilge suas le 30% níos éifeachtúla ná roinnt teangacha eile: an Zapoteco i Meicsiceo, an Ionúitis i gCeanada agus an Pitjantjatjara san Astráil. Beidh na teangacha seo in ann an tairbhe is mó a bhaint as an athrú go 280 carachtar,” a dúirt sé.

Ar na hathruithe eile atá déanta ag Twitter le deireanas, tá an rogha ann anois suas le 50 carachtar a bheith in ainm úsáideora — cinneadh a bhfuil fáilte curtha roimhe acu siúd a bhfuil ainmneacha agus sloinnte fada Gaelacha orthu.

Fág freagra ar '‘Beidh tionchar ag 280 carachtar Twitter ar an mbealach a scríobhtar i nGaeilge ar líne’ — Scannell'