‘Beidh Sexton agus O’Brien réidh in am’ – Joe Schmidt

Cé go raibh amhras ann faoi aclaíocht na beirte agus gortuithe colpa ag cur as dóibh, deir Schmidt go mbeidh siad tagtha chucu féin in am do thús Chraobh na Sé Náisiún

‘Beidh Sexton agus O’Brien réidh in am’ – Joe Schmidt

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhí ábhar dóchais ag Joe Schmidt inniu faoi aclaíocht Johnny Sexton agus Sean O’Brien agus foireann na hÉireann ag prapáil do thús Chraobh na Sé Náisiún ag tús na míosa seo chugainn in Albain.

Tá gortuithe colpa ag cur as don bheirt. Gortaíodh Sexton sa chluiche comhscóir ag Cúige Laighean i gcoinne Castres agus níor imir O’Brien ó bhuaigh na Laighnigh i gcoinne Zebre ag tús mhí Eanáir. Agus tús an chomórtais ag teannadh linn, ní raibh aon amhras ar Schmidt faoin mbeirt.

“D’fhulaing Sexton ballbhrú dá cholpa i gcoinne Castres. Níl an-chuid damáiste déanta aige (Sexton),” a dúirt Schmidt i Londain inniu.

“Níl aon ní suntasach tagtha chun solais agus tá Johnny ar ais cheana féin ag déanamh píosa beag (traenála). Tá muinín againn go mbeidh sé ag traenáil an tseachtain seo chugainn agus go mbeidh sé i mbarr a shláinte agus réidh le himirt i gcoinne na hAlban.

“Tá sé (O’Brien) níos faide ar aghaidh ná Sexton. Is dóigh linn mbeidh sé ag traenáil roimh dheireadh na seachtaine, ach ba chóir go mbeadh sé go breá an tseachtain seo chugainn.”

Johnny Sexton agus Sean O’Brien. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

An cheist is mó atá á cur faoin scuad atá ainmnithe ag Schmidt ná a chinneadh Ian Madigan a fhágáil ar lár. Agus amhras ann faoi aclaíocht Sexton (i gcónaí), is é Paddy Jackson an t-aon ‘uimhir a deich’ ceart a bheidh ar fáil mar ionadaí dó. In ainneoin go bhfuil Madigan ag imirt go rialta le Bordeaux, agus deis níos mó faighte thall aige san ionad is ansa leis, fágadh ar lár é toisc go bhfuil sé ag imirt sa Fhrainc. Rinne Schmidt eisceacht de Sexton nuair a bhíodh sé sin ag imirt sa Fhrainc, ach is léir nach ionainn cás na beirte.

“Le Ian (Madigan) ní bheadh ach dhá lá aige linn (de bharr go bhfuil sé ag imirt i gcoinne Clermont ag an deireadh seachtaine). Ní bhíonn agat ar fad ach trí lá agus dá bharr sin, tá sé casta. Bhí gortú ag cur as dó níos luaithe sa séasúr, (agus) dá bharr sin ní raibh an-chuid rugbaí imeartha aige. Bhí mé i dteagmháil le Ian agus bheadh sé in ann teacht isteach gan fadhb ar bith (dá mbeadh gá leis). Is rud é sin a d’fhéadfadh tarlú.

“D’imigh Ian mar go raibh súil aige dá n-imreodh sé scata cluichí i ndiaidh a chéile ag uimhir a deich, go bhfeabhsódh sé mar imreoir agus, ag an am céanna, go mbeadh sé in ann imirt d’Éirinn. Tá muinín léirithe aige as féin agus tuigeann sé cad a theastaíonn uaidh a bhaint amach mar imreoir. Tuigim an infheistíocht sin, ach táimid i bhfabhar imreoirí atá ag imirt in Éirinn. Tuigeann sé sin chomh maith.”

Fág freagra ar '‘Beidh Sexton agus O’Brien réidh in am’ – Joe Schmidt'