Beidh sé deacair imreoirí tapa Bhaile Átha Cliath agus Thír Eoghain a stopadh

Is iad Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain rogha na n-údar do chluichí ceannais Laighean agus Uladh tráthnóna agus beidh sé deacair ag a gcéilí comhraic stop a chur leo

Beidh sé deacair imreoirí tapa Bhaile Átha Cliath agus Thír Eoghain a stopadh

Foirean Bhaile Átha Cliath. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Baile Átha Cliath v Cill Dara, Páirc an Chrócaigh, 4.00i.n. (Beo ar RTÉ)

Tá gach seans ann go dtabharfaidh Cill Dara an dúshlán is mó atá tugtha do Bhaile Átha Cliath i gCraobh Laighean le roinnt blianta anuas. Tá gach seans ann chomh maith nach n-athróidh tada agus go mbeidh bua éasca go maith ag foireann Jim Gavin.

Is cinnte go bhfuil dul chun cinn déanta ag Cill Dara le cúpla bliain anuas. Tá dhá ardú céime as a chéile bainte amach acu sa tsraith agus thug siad taispeántais chumasacha uathu sna cluichí atá buaite acu sa chraobh go dtí seo, in aghaidh Laoise agus in aghaidh na Mí. Mar sin féin, tá Baile Átha Cliath fós cúpla céim chun cinn ar na foirne sin.

D’aimsigh Cill Dara 1-21 agus 2-16 sa dá chluiche craoibhe atá buaite acu go dtí seo in 2017 ach is fánach an seans go mbeidh siad in ann teacht in aon ghaobhar don scór sin in aghaidh Bhaile Átha Cliath inniu. Tá sé ráite cheana féin ag bainisteoir Chill Dara, Cian O’Neill, go mbeidh orthu córas níos cosantaí a chur i bhfeidhm don chluiche.

Is é an trua é sin mar seans gurb iad na tosaithe an t-ionad is láidre atá ag Cill Dara ach tá O’Neill sách ciallmhar agus fios maith aige nach féidir spás ar bith a thabhairt do Bhaile Átha Cliath. Nuair atá an tseilbh ag Cill Dara, caithfidh a dtosaithe a bheith cruinn mar is beag den liathróid a fheicfidh siad.

Má bhuann Baile Átha Cliath tráthnóna, beidh Craobh Laighean buaite acu don seachtú huair as a chéile, gaisce nach ndearnadh riamh roimhe seo, ach ní fheicfidh muid Jim Gavin ag déanamh mórán ceiliúrtha agus cluichí níos tábhachtaí ar a aire.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Imreoir Thír Eoghain, Conall McCann. INPHO/James Crombie

An Dún v Tír Eoghain, Cluain Eois, 2.00i.n. (Beo ar RTÉ)

Is beag a bhíonn idir Tír Eoghain agus an Dún nuair chasann siad ar a chéile sa chraobh. Ón mbliain 2003, an uair dheireanach gur chas siad le chéile i gcluiche ceannais Uladh, tarraingíodh na foirne in aghaidh a chéile sé huaire. I dtrí cinn acu sin, bhí athimirt ag teastáil chun na foirne a scaradh. Bhuaigh Tír Eoghain dhá ceann acu sin, in 2003 agus 2014, agus bhuaigh an Dún in 2008.

Cé nach raibh mórán ag súil go mbeadh an Dún  i gcluiche ceannais Uladh, is cinnte go dtabharfaidh siad a ndóthain le déanamh do Thír Eoghain.

Is beag duine a cheap go bhfaigheadh siad an ceann is fearr ar Ard Mhacha ag tús an tsamhraidh ach féach gur éirigh leo, an chéad bhua a bhí acu i gCraobh Uladh ó 2013. Thóg siad ar a méid sin le bua breá ar Mhuineachán i gcluiche leathcheannais an chúige. Chuaigh an lántosach, Connaire Harrison, i bhfeidhm go mór ar an gcluiche sin agus beidh an Dún ag iarraidh leas a bhaint arís as an neart atá aige.

Tá taithí ag Tír Eoghain, áfach, ar fhear mór ar imeall na cearnóige a choinneáil faoi chois, agus sin déanta acu le Michael Murphy ó am go chéile. Ba é cumas Thír Eoghain agus iad ag dul chun cinn an chuid ab fhearr dá gcuid imeartha in aghaidh Dhún na nGall cúpla seachtain ó shin. Bhí luas agus fuinneamh iontach ag imreoirí Mickey Harte agus ghearr siad trí chosaint na gConallach arís agus arís eile.

Má bhíonn siad chomh maith céanna arís tráthnóna, is acu a bheidh Corn an Anglo-Celt.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Fág freagra ar 'Beidh sé deacair imreoirí tapa Bhaile Átha Cliath agus Thír Eoghain a stopadh'