‘Beidh na crogaill sásta a chloisteáil nach baol d’aon duine a dteanga, ach ní fhillfear ar Stormont gan Acht’ – Adams

Dúirt Gerry Adams inniu nach mbeifí ag filleadh ar Stormont gan acht teanga don Ghaeilge amháin agus labhair sé freisin faoina mhianta maidir lena cheannaireacht ar Shinn Féin

‘Beidh na crogaill sásta a chloisteáil nach baol d’aon duine a dteanga, ach ní fhillfear ar Stormont gan Acht’ – Adams

Tá ráite athuair ag Gerry Adams nach bhfillfidh a pháirtí ar fheidhmeannas mura nglacfaí leis an éileamh ar acht teanga don Ghaeilge amháin, agus tá leid tugtha chomh maith aige maidir le ceist a cheannaireachta ar Shinn Féin.

Dúirt Adams go mbeadh sé ag seasamh d’uachtaránacht Shinn Féin arís ag Ard-Fheis an pháirtí i mí na Samhna ach go dtabharfadh sé a thuilleadh eolais an uair sin faoina bhfuil i gceist aige a dhéanamh maidir leis an gceannaireacht.

Dúirt sé go leagfadh sé plean amach ag an Ard-Fheis i dtaobh a “planned process of generational change, including my own future intentions”.

Maidir le moladh Arlene Foster go dtiocfaí ar ‘margadh cultúrtha’ ar mhaithe leis an bhfeidhmeannas a athbhunú, dúirt Adams gur “non-runner” a bhí ann.

Ní bheifí ag filleadh ar Stormont gan acht teanga don Ghaeilge amháin, a dúirt sé.

“Last week’s proposal by the DUP Leader Arlene Foster for a parallel process is a non-runner, and she knew this. But it did contain a welcome acknowledgement that the Irish language threatens no one.

“I’m sure the crocodiles are delighted to hear that. And it did include a promise of legislation. Cuirim fáilte roimh an athrú sin. This is welcome also. But more than soft words are required, ” a dúirt Uachtarán Shinn Féin.

Thug Adams le fios chomh maith go raibh Sinn Féin ag iarraidh reifreann faoi athaontú na hÉireann laistigh de chúig bliana.

Bhí sé ag caint ag an seisiún smaointeoireachta atá ar bun faoi láthair ag Sinn Féin i gcontae na Mí.

Fág freagra ar '‘Beidh na crogaill sásta a chloisteáil nach baol d’aon duine a dteanga, ach ní fhillfear ar Stormont gan Acht’ – Adams'