‘Beidh mé féin agus mo chuid cairde ag dul go Baile Átha Cliath le Béarla a fhoghlaim…’

1916-2016: An bhfuilimidne, cainteoirí dúchais, muiníneach ár ndóthain as ár máthairtheanga?

irish-road-Dublin

‘Is fada liom go mbeidh mé ceithre bliana déag, a Mhama,’ arsa mo chailín beag seacht mbliana d’aois, í tagtha isteach sa chistin le boladh perfume uaithi agus a cuid gruaige fite i dtrilseán faiseanta. Bhí slán fágtha aici leis na Gaeilgeoirí, iad féin snasta, pioctha agus aghaidh tugtha acu ar an gcéilí. Ba í seo an chéad bhliain dúinn scoláirí ón gcoláiste Gaeilge áitiúil a bheith ar lóistín sa tigh agus bhí an lady bheag an-tógtha go deo leo. Chaith sí na tráthnónta ina bhfochair ag malartú focal Gaeilge ar nodanna faisin.

‘Cén fáth a ndeir tú é sin?’ a d’fhiafraigh mé. Lig sí osna mhór aisti. ‘Le go mbeidh mé féin agus mo chuid cairde ag dul go Baile Átha Cliath le Béarla a fhoghlaim,’ a deir sí.

Bhí orm mo dhroim a thabhairt léi ionas nach bhfeicfeadh sí an gáire ar m’aghaidh. Bhí a teanga dhúchais féin ar comhchéim le teanga dhúchais na ndéagóirí coimhthíocha seo. Agus ar ndóigh, cén fáth nach mbeadh? Seans maith gur shoineantacht ba chúis leis ach thaitin dearcadh seo mo chailín bhig liom, a bhí muiníneach go leor as a teanga féin le go gcuirfeadh sí ar comhchéim le mórtheanga na cruinne í.

Tháinig an eachtra seo chun cuimhne nuair a iarradh orm alt a scríobh faoin taithí atá agamsa mar chainteoir Gaeilge i mbliain seo an chomórtha agus conas mar a luíonn sé le mianta na ndaoine a bhí páirteach san Éirí Amach. Rith dhá fhocal eile liom chomh maith; comhionannas agus gníomh.

Ó thaobh na teanga de, an bhfuil an cion céanna ‘ar chlann uile an náisiúin’ mar a luaitear i bhForógra na Cásca? Nó an bhfuil ‘cearta cothroma agus deiseanna cothroma don uile shaoránach’ bainte amach ag lucht na Gaeltachta agus na Gaeilge?

Braithim uaireanta nach bhfuilimidne, cainteoirí dúchais, muiníneach ár ndóthain as ár máthairtheanga agus nach bhfuil muinín againn asainn féin dá bharr. Fágann sin go minic nach mbíonn muinín againn asainn féin mar chainteoirí dúchais Gaeilge ach an oiread. Ní nach ionadh. 99 bliain i ndiaidh do Phádraig Mac Piarais an forógra a léamh amach os comhair Ard-Oifig an Phoist a thug an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas do chainteoirí dúchais Gaeilge.

Is minic ó shin gur déistin agus droim láimhe a fuair siad siúd a éilíonn seirbhísí Gaeilge ón Stát. Níl anseo ach dhá shampla ach is cinnte nach mórán muiníne a chothódh a leithéid i nduine. 

Tá an iliomad cáipéisí taighde foilsithe faoi staid na teanga anseo sa Ghaeltacht agus tá a fhios againn ar fad inár gcroí istigh gurb í an fhírinne atá i dtorthaí an taighde sin. Cén fáth nach mbeadh agus í le feiscint againn ar bhonn laethúil. Tá sé tábhachtach torthaí dá leithéid a phlé, ar ndóigh, ach braithim uaireanta go gcaitear an iomarca ama agus fuinnimh ag sárú agus ag argóint faoi na torthaí céanna.

Cad faoin téama mór eile a bhaineann le 1916 – an Gníomh? Maítear go bhfuil éadóchas agus duairceas ag baint leis na cáipéisí seo, ach má tá féin, is mó an t-éadóchas agus an duairceas a bhaineann leis an easpa gnímh ina leith. Cad faoi na moltaí a dhéantar sna cáipéisí a chur i bhfeidhm? Tá an chuma ar an scéal gurb é sin atá á dhéanamh ag an Roinn Oideachais sna Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais sna Limistéir Ghaeltachta agus tá siad le moladh as. Ach is beag sampla eile a thagann chun cuimhne.

Cúnamh do na cainteoirí dúchais, cúnamh do na foghlaimeoirí agus tús áite ag an nGaeilge i ngach aon réimse saoil do phobal na Gaeltachta. An bhféadfadh go bhfuil sé chomh simplí leis sin? Ní baol don Bhéarla, go bhfios dom, agus teastaíonn ó gach aon tuismitheoir go mbeadh scoth an Bhéarla ag a gcuid páistí. Beidh sé ag teastáil le dul chun cinn a dhéanamh sa domhan mór. Ach cad faoi na tuismitheoirí a dteastaíonn sé uathu go mbeadh scoth na Gaeilge ag a gcuid páistí chomh maith? Luíonn sé le ciall go mbeadh cúnamh breise ag teastáil do mhionteanga, mar sin cén fáth an tsíoriomrascáil seo?

Cad é seo, a deir sibh, a léitheoirí, ach tuilleadh cainte.

Thar n-ais linn go dtí an chistin sin ar an gCeathrú Rua más ea agus an cailín beag álainn soineanta nach bhfeiceann aon difríocht idir a teanga bheag dhúchais féin agus an mhórtheanga dhomhanda, an cion céanna uirthi agus a léirítear do chlann uile an náisiúin sa bhForógra.

‘Bhuel nach agaibh a bheidh an spraoi?’ arsa mise léi.

Amach léi as an gcistin, cosa in airde, lán le dóchas agus í ag tabhairt a haghaidhe ar shaol comhaimseartha na Gaeltachta le fonn, cearta cothroma agus deiseanna cothroma.

Leanaimis a sampla. 

Biog: Is ó Rinn Ó gCuanach i nGaeltacht na nDéise í Sorcha Ní Chéilleachair ach í ag cur fúithi ar an gCeathrú Rua le breis is trí bliana déag in éineacht lena fear, Colm, agus lena dtriúr clainne. Iar-leas-phríomhoide scoile í agus comhbhunaitheoir na heagraíochta Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tá cáil bainte amach ag Sorcha mar amhránaí sean-nóis agus tá sí ar shos gairme faoi láthair óna post mar chlár-reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta.foras daite

Fág freagra ar '‘Beidh mé féin agus mo chuid cairde ag dul go Baile Átha Cliath le Béarla a fhoghlaim…’'

  • Cluain Sceach

    Maith thu, a Shorcha!

  • padraig

    Sin vignette fíor-álainn ar thógáil clainne agus ar ghrá máthar agus linbh dá chéile, ba cheart di dul ar an bpeann níos coitianta. Is diail an misneach atá ag tuismitheoirí a thugann faoina bpáistí a thógáil le Gaeilge i bhfianaise patuaire an Stáit seo ‘gainne. Ach is é a gceart é agus bíonn an ceart sin á shéanadh orthu go minic. Is é an dá/trí-theangachas an norm ar an Mór-Roinn, bíonn flosc orthu chun teangacha nua a fhoghlaim agus ní haon nath leo é. Chuirfeadh sé alltacht ort a mhéid acu a bhfuil Gaeilge acu. Mairfidh an Ghaeilge fad is atá máithreacha corráistiúla neamhspleácha amhail Sorcha ar an bhfód. Beidh an dá arm aigne (ar a laghad) agena bpáistí agus iad go paiteanta acu. Ach aon rud amháin…… dul go BÁC chun Béarla a fhoghlaim? ? ?

  • alan

    canathaobh go ndeirtear ‘mo chuid cairde’ seachas ‘mo chairde’ …..bhfuil sé sin coitianta? ‘mo pháirtí/mo pháirtithe’ is mó a bhíonn ó dheas dar liom