Beidh Manchester United i dtrioblóid má éiríonn le cosantóirí Liverpool Ibrahimovic a cheansú

Tá trí chúl déag scóráilte ag Zlatan Ibrahimovic sa tsraith go dtí seo ach níl sé ag fáil a dhóthain tacaíochta sa chúram sin óna chomhghleacaithe

Beidh Manchester United i dtrioblóid má éiríonn le cosantóirí Liverpool Ibrahimovic a cheansú

Agus an ceann is fearr faighte ag Tottenham Hotspur ar Chelsea an tseachtain seo caite, is ag Manchester United is fearr atá ag cruthú faoi láthair sa phríomhroinn agus sé chluiche as a chéile buaite acu i bPríomhroinn Shasana.

Inniu, tabharfaidh siad aghaidh ar a sean-naimhde, Liverpool, agus foireann José Mourinho ag iarraidh áit a bhaint amach i measc na n-iomaitheoirí ag barr na sraithe. Má bhuann siad ar fhir Jurgen Klopp, ní bheidh United ach dhá phointe taobh thiar díobh de Liverpool agus Mourinho ag iarraidh an bhearna idir a fhoireann agus Chelsea a laghdú.

Más faoi é sin a dhéanamh, beidh an bainisteoir ag brath go mór ar an Sualannach, Zlatan Ibrahimovic.

Nuair a shínigh United ar dtús é, bhí amhras ann faoin tionchar a bheadh aige ar an gclub. Bhí sé 34 bliain d’aois (tá sé 35 anois) agus bhí an tuairim ann nach mbeadh sé in ann ag luas na himeartha sa Phríomhroinn.

Tá spior spear déanta ag Ibrahimovic den chaint sin, áfach. Tá trí chúl déag aimsithe aige sa tsraith go dtí seo agus d’uireasa na gcúl sin, ní bheadh aon chaint ar aiséirí United.

Níl imreoir ar bith eile ag United i bhfoisceacht scread asail dó ó thaobh líon na gcúl atá aimsithe aige. Is iad Juan Mata agus Paul Pogba an bheirt is gaire dó agus ceithre chúl an duine aimsithe acu, naoi gcinn níos lú ná mar atá scóráilte ag Ibrahimovic.

Fágann seo go mbíonn United i dtrioblóid nuair a chuirtear srian leis an Sualannach. Nuair nár scóráil Ibrahimovic idir 10 Meán Fómhar agus 6 Samhain, níor éirigh le United ach cúig phointe a aimsiú ó chúig chluiche sraithe. Na drochthorthaí sin is cúis leo a bheith i bhfad ó bharr na sraithe faoi láthair.

Tá Ibrahimovic ar ais i mbun scórála anois agus naoi gcinn de chúil aimsithe aige le deich gcluiche anuas, ach má éiríonn le Liverpool é a choinneáil faoi chois tráthnóna, ní fios cá as a dtiocfaidh na cúil.

Is beirt tosach óg iad Anthony Martial agus Marcus Rashford ar éirigh go maith leo ag tráthanna áirithe den séasúr seo caite ach níl ach cúig chúl scóráilte acu eatarthu an séasúr seo. Níl an deis chéanna á tabhairt ag Mourinho agus a tugadh dóibh anuraidh, ach go dtí seo ní raibh an oiread sin tionchair acu ar na cluichí a d’imir siad ach an oiread.

Tá i bhfad níos mó cothromaíochta ó thaobh scórála ann i gcás Liverpool. Ní hionann agus United, arb é Ibrahimovic an t-aon imreoir acu a scóráil níos mó ná ceithre chúl, tá cúigear imreoirí ag Liverpool a bhfuil níos mó ná ceithre chúl aimsithe acu – Sadio Mané, Adam Lallana, Roberto Firmino, Philippe Coutinho agus James Milner.

Cé go bhfuil a bpríomhscórálaí, Mané, ar iarraidh inniu agus é ag glacadh páirt i gCorn Náisiúin na hAfraice, beidh lucht leanúna Liverpool ag súil nach gcuirfidh sé isteach rómhór ar thaispeántas na foirne.

Má éiríonn lena gcuid cosantóirí dul i ngleic le Ibrahimovic, is mó an seans a bheidh ag Liverpool an liathróid a chur san eangach.