‘Beidh Enda Kenny ina Thaoiseach arís, ach tiocfaidh ár lá…’

Tá sé thar a bheith soiléir anois gurb é Enda Kenny a bheas ina Thaoiseach aríst tar éis an olltoghcháin… is ansin a theastóidh cur chuige na Portaingéile

18/02/2014. Fine Gael Selection Convention. Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny as Fine Gael minsters and party members met tonight in the Alexander Hotel in Dublin for the selection of the Fine Gael canditate for the European Elections. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr Sam Boal/RollingNews.ie

Tá imní ar Uachtarán SIPTU, Jack O’Connor, go bhfaighidh Fine Gael ceannas iomlán, astu féin, tar éis an chéad olltoghchán eile. Má fhaigheann, a dúirt sé, cuirfidh siad polasaithe den eite dheis i bhfeidhm nár facthas a leithéidí riamh cheana, beidh siad chomh dian sin.

Ceapann sé go bhféadfadh níos mó vótaí a bheith ag iarrthóirí as Fine Gael ná ag iarrthóirí an Lucht Oibre i gcuid mhór toghcheantar an chéad iarraidh eile agus gurb é an toradh a bheadh air sin go dtitfeadh aistriúcháin an Lucht Oibre ar Fhine Gael agus go gcríochnódh muid le rialtas láidir den eite dheis.

D’fhéadfadh sé sin tarlú agus is beagnach cinnte go dtarlóidh. Ach má tá imní dá réir ar Jack O’Connor, nach sílfeá gurb éard a mholfadh sé do dhaoine gan uimhir a haon ná uimhir a dó a thabhairt d’iarrthóirí Fhine Gael ach féachaint lena lagan ar bhealach ar bith is féidir?

Ina áit sin, tá ceannasaíocht an Lucht Oibre ag moladh do vótóirí a gcuid aistriúchán a chur i dtreo Fhine Gael i chuile chás. Polasaí é nár chuala mé gur easaontaigh Jack O’Connor leis go poiblí go dtí seo.

Déarfainn go bhfuil sé thar a bheith soiléir anois gurb é Éanna Ó Cionnaith a bheas ina Thaoiseach aríst tar éis an olltoghcháin. Cé a bhainfeas de é? Ní hí Joan Burton a bheas ina Taoiseach má bhíonn sí ann ar chor ar bith. Níl aon seans ag Micheál Máirtín. Is é a fhearacht sin ag Gerry Adams é.

Níl Micheál Máirtín sásta a dhul i gcomhrialtas le Sinn Féin. Tá daoine sa bPáirtí nach gceapann gur polasaí an-chiallmhar atá aige, Éamon Ó Cuív ar dhuine acu. Ach ar aon nós, ní ghabhfaidh Sinn Féin sa leaba le Fianna Fáil mura mbeidh tromlach na dTeachtaí Dála acusan.

Níl Fianna Fáil ná Sinn Féin sásta drannadh le Fine Gael agus is é an meon céanna atá ag Fine Gael fúthusan – go hoifigiúil ar chuma ar bith.

Bhí imní ar an Lucht Oibre roimh an olltoghchán deireanach freisin go bhfaigheadh Fine Gael ceannas iomlán. Bhí siad chomh díchéillí ar feadh tamaill gur shíl siad go bhféadfadh Eamon Gilmore a bheith ina Thaoiseach.

Nuair a thuig siad sa deireadh nach raibh seans na ngrást ann go dtarlódh sé sin, tharraing siad cleas eile chucu féin: chuir siad sraith gealltanas le chéile a scanródh vótóirí agus a mheallfadh ar a dtaobh iad.

Bhunaigh siad feachtas bolscaireachta ar na fógraí a bhí ag Tesco, dar teideal ‘Every Little Helps’. ‘Every Little Cut Hurts’ an teideal a bhí acusan ar a gcuid fógraí féin. Dúirt Eamon Gilmore sa leabhar a scríobh sé le gairid nár choinnigh sé súil an-ghéar ar an ngearradh a bhí luaite sna fógraí seo.

Chaithfeadh sé nár choinnigh, mar, chomh luath agus a chuaigh seisean agus a pháirtí i gcumhacht, ní raibh leisce ar bith orthu tosú ag gearradh fúthu agus tharstu.

Beidh Éanna ina Thaoiseach aríst mar sin ach beidh sé ag brath ar an mbaicle bheag Teachtaí Dála de chuid an Lucht Oibre a thiocfas slán as an scrios a dhéanfas na vótóirí ar an bpáirtí. D’fhéadfadh sé go dteastódh beagán eile cabhrach uaidh freisin. Má theastaíonn, beidh siad ansin, Lucinda Creighton, Noel Grealish, agus Michael Fitzmaurice atá faoi dhraíocht cheana féin ag Shane Ross.

Ná habair go ndiúltódh éinne acu siúd do phost rialtais.

D’fhéadfadh sé gur réimeas corrach go leor a bheadh ag Éanna Ó Cionnaith mar sin féin. Luath nó mall, caithfear é a chur as cumhacht ach ní dhéanfar é gan comhoibriú a bheith idir an freasúra.

Tá go leor le foghlaim faoi sin as an méid atá ag tarlú sa bPortaingéil faoi láthair.

Bhí olltoghchán acusan le gairid agus bhí an vóta ab airde aríst ag páirtí den eite dheis. Ach bhí ní ba mhó teachtaí ag páirtithe an fhreasúra sa bparlaimint.

Shíl an tUachtarán Anibal Cavaco Silva go bhféadfaí dream na heite deise a choinneáil i gcumhacht. Sin é a thaitneodh le maorlathas na Bruiséile agus leis na baincéirí.

Síleadh ansin go dtabharfadh an Lucht Oibre tacaíocht don eite dheis mar a rinne siad roimhe seo. Ina áit sin, ‘séard a rinne siadsan ná a dhul i gcomhairle leis na Cumannaigh agus le dream de lucht leanúna Trotsky.

An chéad deis a fuair siad sa bparlaimint, chuir siad rún chun cinn a chuir an rialtas nua dá gcois láithreach bonn.

Mar a dúirt an té a dúirt, tiocfaidh ár lá.

Fág freagra ar '‘Beidh Enda Kenny ina Thaoiseach arís, ach tiocfaidh ár lá…’'

  • alan

    ‘cuirfidh siad polasaithe den eite dheis i bhfeidhm nár facthas a leithéidí riamh cheana, beidh siad chomh dian sin’…Nach bhfuil sé sin á dhéanamh ar dalladh cheana féin acu? an bobarún is mó dá bhfacthas riamh sa Dáil ina Thaoiseach arís? Chun a bheith ag feannadh faoi agus thairis agus ag crochadh a thóna thall sa Bhruiséil don ‘airde’? Chun a bheith ag scaitseáil agus ag caitheamh thairis ar chuma an linbh? Is eagal liom go bhfuil an ceart ag Seosamh, mo chreach, agus ní bheidh aon easpa aighnis ná achrainn i measc lucht an fhreasúra ach oiread chun an post sin mar Thaoiseach a dhaingniú dhó. Mar a chéile turcaithe a bheith ag tnúth leis an Nollaig agus vóta a thabhairt don drong ghorm sin, ca’il an bád bán is gaire dhúinn amach as an oileán seo ldt?