Beidh Cúige Mumhan ag ceiliúradh Oíche Chinn Bliana

Foireann dara rogha, nó tríú rogha féin i gcúpla ionad, a bheas á cur chun páirce ag Cúige Chonnacht ar an mBóthar Beag tráthnóna

Beidh Cúige Mumhan ag ceiliúradh Oíche Chinn Bliana

Scíth chúig lá a bhí ag na Muimhnigh agus na Laighnigh ó imirt i mBabhta 11 den Pro 12 roimh chur chun páirce sa gcéad bhabhta eile den chomórtas céanna.

Ar an mbóthar ó thuaidh go Gaillimh a bheas na Muimhnigh, foireann atá ar bharr an Pro 12 faoi láthair. Beidh siad ag taisteal anocht le tabhairt faoi na Connachtaigh, foireann atá sáinnithe san ochtú háit agus iad 22 pointe ó bharr an tábla.

Ní hamháin sin ach tá na Connachtaigh scriosta de dheasca gortuithe agus ós cionn scór imreoir in easnamh orthu a bheadh mar chéad rogha ag Pat Lam aon uair a mbeadh fáil orthu. Fágann sin gur foireann dara rogha, nó tríú rogha féin i gcúpla ionad, a bheas á cur chun páirce ag curaidh an chomórtais ar an mBóthar Beag an Satharn seo.

Is cinnte gur chuir Rassie Erasmus, cóitseálaí na Mumhan deacrachtaí na gConnachtach san áireamh agus é ag roghnú fhoireann na Mumhan don choimhlint seo. Tugann laigeachtaí Chonnacht deis iontach do Erasmus scíth a thabhairt do go leor dá chuid imreoirí sinsearacha agus don chéad rogha a bheadh aige. Scíth é seo atá ag teastáil ó thaobh rialacha an IRFU, lena chinntiú nach n-imríonn imreoirí idirnáisiúnta an iomarca cluichí.  Tá sé tábhachtach freisin do na Muimhnigh agus iadsan ag réiteach don chluiche i bPáras faoi cheann seachtaine i gcoinne Racing 92. Seo é cluiche Bhabhta 1 de Chorn na gCuradh a cuireadh ar athlá ar an Satharn an 15 Deireadh Fómhair de bharr bhás tobann Anthony Foley an mhaidin sin.

Is léir gur deis do na Connachtaigh an fhoireann réasúnta lag atá Erasmus ag tabhairt leis go Gaillimh, ach mar sin féin tá drogall ormsa bua a thuar dóibh sa gcluiche seo, fiú agus iad ag imirt sa mbaile.

Beidh buntáiste an bhaile ag na Laighnigh Oíche Chinn Bhliana freisin agus iadsan ag cur fáilte roimh na hUltaigh go dtí an RDS. Deis a bheas sa gcoimhlint seo do na Laighnigh filleadh ar bhóthar a leasa arís tar éis an greadadh 29 -17 a thug na Muimhnigh dóibh an Luan seo caite.

Níl aon dabht ach gur foireann dara rogha a chuir Leo Cullen go Luimneach don chluiche sin, eisean ag cloí le rialacha an IRFU maidir le bainistiú imreoirí, díreach mar atá á dhéanamh ag Erasmus don chluiche i gcoinne Chúige Chonnacht.

Foireann níos láidre a bheidh ag Cullen don chluiche seo agus é ag iarraidh cúis cheiliúrtha a thabhairt do lucht leanta dílis na Laighean ar Oíche Chinn Bhliana.

Tá mise ag tuar nár cheart go mbeadh mórán stró ar na Laighnigh an lá a thabhairt leo an Satharn seo, sin mura dtagann feabhas ollmhór ar imirt na nUltach ón imirt a chonaic uatha agus iad sa mbaile i mBéal Feirste i gcoinne Chonnacht Dé hAoine seo caite. Cé go raibh bua éasca 23 – 7 acu ar na Connachtaigh, a bhí scriosta de bharr gortuithe, níor léirigh siad an stíl imeartha a mbeadh súil agat léi ó fhoireann atá sa gceathrú háit ar an tábla.

Ach dá n-éireodh leis hUltaigh bhainfeadh sé geit as chuile dhuine, mé féin agus na geallghlacadóirí ina measc.

Fág freagra ar 'Beidh Cúige Mumhan ag ceiliúradh Oíche Chinn Bliana'