Beidh cogaint go leor le déanamh ag Comhdháil CLG

Agus Comhdháil na bliana seo ar leic an tairsigh, ní minic deifir ar CLG agus iad ag plé athruithe ó bhonn, a deir ár gcolúnaí

Iaruachtarán CLG Liam O'Neill agus Uachtarán CLG Aogán O'Fearghail ag comhdháil na bliana seo caite. INPHO/Andrew Paton
Iaruachtarán CLG Liam O’Neill agus Uachtarán CLG Aogán O’Fearghail ag comhdháil na bliana seo caite. INPHO/Andrew Paton

Chuala mé ariamh é nach raibh rud ab fhearr do ghoile an duine ná pé rud a bhíonn ina bhéal a changailt nó a chogaint deich n-uaire.

Is minic dá bharr sin a rith sé liom gur beag éileamh a bheadh ag Cumann Lúthchleas Gael ar chógais ná ar dhochtúirí dá mb’ionann putóga na heagraíochta sin agus na cinn s’againn féin!  Níl mórán eagraíocht ar domhan a dhéanann brúitín chomh mion de na mórábhair a bhíonn á bplé acu agus a dhéanann CLG.

Féach ar an achar a caitheadh ag plé an chórais faoina bhfuil an dara seans anois ag na contaetha a bhuailtear sa gcéad bhabhta craoibhe, ní áirím na hábhair a bhí i bhfad níos goilliúnaí mar gur bhaineadar leis an réimeas polaitíochta as ar eascair an eagraíocht.

Ar eagla go gceapfá gur cáineadh atá mé a dhéanamh, ní hea, ach fiú a mhalairt b’fhéidir, mar gur cinnte gur chun sochair an chumainn a chuaigh na hathruithe nuair a déanadh iad agus gur laghdaigh an plé fada aon seans a bhí ann go dtarlódh deighilt.

Athruithe ar an gCraobhchomórtas Sinsear sa Pheil agus ar Chraobhacha na Mionúr agus Faoi 21 na príomhábhair a bheas le socrú ag Comhdháil Bhliantúil CLG a bheas ar siúl i gCeatharlach an deireadh seachtaine seo ag teacht.

Tá cuma shimplí go leor ar an socrú a bheidh le déanamh i gcás na gcomórtas faoi aois – déan faoi 17 agus faoi 20 díobh, nó fág iad mar atá, ach bheadh amhras orm gur seo deireadh an scéil.

Tá cás na n-imreoirí sna haoisghrúpaí sin á phlé leis na blianta anois. Tá sé gaibhte i dtreise de bharr an mhéadaithe thar cuimse atá tagtha ar an líon mhic léinn 3ú leibhéal sa tír agus an bhéim atá anois ar a gcomórtais siúd. Nuair a bhí mise i mo mhac léinn ba ghnách gur ocht nó deich de línte a bheadh sna nuachtáin náisiúnta faoi chluichí ceannais Choirn Mhic Giobúin agus Mhic Shigiúir. Inniu tá tuairiscí rialta ar fáil ó thús na gcomórtas sin, rud a chruthaíonn a dtábhacht ar fhéilire na n-imreoirí a bhfuil a mbunáite ag imirt sna mionúir agus faoi 21 freisin.

Téann an dara hábhar a bheidh á phlé i gCeatharlach i bhfad níos doimhne i bpréamhacha Chumann Lúthchleas Gael agus is díospóireacht é atá ar bun le fada agus ag dul i dtreise.

Scéal thar a bheith casta é a bhfuil i bhfad níos mó i gceist ann ná an ceart a bheith san iomaíocht ar Chorn Sam Mhig Uidhir a bhaint de chontaetha áirithe. Is cuid lárnach é den argóint faoi fhealsúnacht CLG agus faoin gcúrsa a dtabharfaidh sé faoi as seo go ceann leathchéad bliain.

Tá an cumann ag déanamh ar chrosbhóthar, muna bhfuil sin sroichte cheana. Faoi bhealach tá freastal déanta acu ar pharóistí agus ar phobail na tíre – idir óg agus aosta – ar bhealach nach ndearnadh in aon áit eile ar dhroim na cruinne.

Gan dabht beidh deis acu leanacht orthu á dhéanamh sin is cuma cé acu de na bóithre atá amach rompu a roghnóidh siad, ach ar an gcuid nua seo den aistear beidh siad ag tabhairt faoi thuras a bheidh faoi thionchar na n-athruithe móra atá tagtha ar an spórt le deich mbliana anuas.

An tseachtain seo caite d’fhoilsigh an cumann figiúirí airgeadais agus caiteachais 2015. Nuair a tháinig sé chun solais go bhfuair Áth Cliath níos mó le caitheamh ar fhorbairt cluichí (€1.34) ná mar a fuair na 31 contae eile eatarthu, nochtadh tuairimí go raibh CLG féin ag méadú bearna mhór chumais idir iad agus Cill Dara, cuir i gcás, nach bhfuair ach €43,000.

Tá daonra os cionn 1.2 mhilliún sa bpríomhchathair i gcomparáid le 31,000  i gCo. Liatroma  agus ar ndóigh dá bharr sin airgead urraíochta i bhfad níos mó le fáil ag Coiste Átha Cliath, a bhfuil tuairim 50 Oifigeach Forbartha Cluichí lánaimseartha fostaithe acu sna clubanna.

Thagair Jim Gavin dó sin an tseachtain seo caite nuair a dúirt sé gur pleanáil agus straitéis stuama is cúis leis an rath atá ar fhoirne a chontae féin mar aon leis an gcúnamh atá ar fáil laistigh de na clubanna ó oibrithe deonacha.

Luaigh an Gabhánach go raibh sé i gceann de na contaetha beaga le gairid ag bronnadh bonn agus nuair a d’fhiafraigh sé faoi obair an Oifigigh Forbartha sa gcontae sin, dúradh leis nach raibh a leithéid ann.

Is iad na craobhacha idir-chontae ‘fuinneog siopa’ Chumann Lúthchleas Gael. Is iad a tharraingíonn na céadta míle de lucht féachana agus na milliúin euro d’airgead teilifíse.

An féidir freastal ar an trá sin, ar an gclub beag, ar an bpeileadóir sóisearach agus ar an bhfoireann faoi 12 a bhfuil dhá pharóiste faoi gan athruithe bunúsacha a dhéanamh – trí chuid a dhéanamh d’Átha Cliath abair?

Beidh cogaint go leor le déanamh ar an gceann sin!

Fág freagra ar 'Beidh cogaint go leor le déanamh ag Comhdháil CLG'