Beidh aird ar an DUP fad is atá gá leo ach níor mhór dóibh a bheith cúramach…

Tráth na gceisteanna é i gcónaí don DUP agus do Shinn Féin

Beidh aird ar an DUP fad is atá gá leo ach níor mhór dóibh a bheith cúramach…

Tosaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ceisteanna na teorann in Éirinn. Orthu sin a leag Michel Barnier idirbheartaitheoir an Aontais Eorpaigh béim Dé Luain. Bhí sé ag caint ar lá oscailte na gcainteanna le rialtas na Breataine faoin mBreatimeacht, tráth a raibh na ceisteanna céanna faoi chaibidil i Stormont agus ag cruinniú i Londain idir an Taoiseach nua, Leo Varadkar agus Príomh-Aire na Breataine Theresa May.

Bhí casadh sa bhreis sa scéal ar ndóigh de bharr na gcainteanna idir an DUP agus na Caomhaigh faoi thacaíocht an DUP do rialtas mionlaigh an Phríomh-Aire Theresa May.

Sa mhullach ar na seancheisteanna faoi rúin na bpáirtithe abhus, dea-rúin nó a mhalairt, tá comhábhair nua ag fiuchadh sa bpota anois. Tá foireann rialtais nua i mBaile Átha Cliath agus beifear ag faire an mbeidh athrú ar bith ar chur chuige rialtas na hÉireann. I bhfianaise oscailt na gcainteanna sa Bhruiséil tá ceist na héiginnteachta faoi éifeacht an Bhreatimeachta ar bhéal gach éinne anois. Ina dteannta sin tá guagacht cothaithe ag caidreamh an DUP leis na Caomhaigh.

Ní hamháin go gcothaíonn sé sin amhras faoi iompar na dTóraithe ach músclaíonn sé ceisteanna don DUP féin agus ceisteanna do na páirtithe eile faoi chóimheá na cumhachta idir iad agus an DUP.

Ní hiontas go bhfuil an DUP mórtasach as a stádas reatha. Tá siad níos cumhachtaí ná mar a bhí páirtí aontachtach ar bith cheana. Thug an UUP tacaíocht do Chaomhaigh tráth dá raibh ach ní raibh siad riamh chomh láidir is atá an DUP anois. Gheall Theresa May don Taoiseach Varadkar go bhfoilseofaí sonraí an mhargaidh leis an DUP agus nach mbeadh aon cheo ann a dhéanfadh dochar do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Beidh an DUP ar bís a theacht abhaile le féiríní: infheistíocht sa chóras sláinte, mar shampla. Ní hamháin gur chun leas an phobail ar fad é sin ach léireodh sé cumas an DUP – thairis aon pháirtí eile, Sinn Féin go háirithe, chun freastal ar riachtanais an phobail. Dhearbhaigh Arlene Foster ceannaire an DUP go raibh faoiseamh ó ‘fhíneáil’ an Státchiste i leith laghdú ar cháin chorparáideach ar liosta éileamh an DUP. Má thugtar aird orthu beidh an DUP in ann gaisce a dhéanamh as a mbua.

Níl an caidreamh seo saor ó chontúirt, áfach. Ní foláir nó tá blas den imní ar an DUP faoi nasc idir iad agus Príomh-Aire atá ag dul i laige in aghaidh an lae. Má dhéanann May praiseach eile an ndéanfaidh sí dochar don DUP? Cé gur léirigh Arlene Foster san earrach roimh thoghchán an Tionóil go raibh sí tútach go maith, ’sí croí na gnaíúlachta í i gcomparáid le Theresa May. Is annamh go mbíonn polaiteoir chomh hamscaí ina cuid iompair is a bhí Theresa May i gcás na tubaiste in Grenfell House an tseachtain seo caite.

Cá bhfios cé chomh fada, nó chomh gearr, a bheidh sí ina Príomh-Aire? Dá mbeadh comharba cumasach ar fáil ag an bpáirtí, drochsheans go mbeadh May fós i gcumhacht. Beidh aird ar an DUP fad is atá gá leo ach níor mhór dóibh a bheith cúramach nach iadsan a íocfaidh an costas. Tá a fhios acu gur lig Tóraithe na haontachtaithe síos cheana.

Tar éis a chéad lá mar chomhchathaoirleach ar chainteanna i Stormont d’imigh Simon Coveney go dtí an Eoraip chun bualadh le Michel Barnier. Bhí an dea-thoil i dtaca leis an teorainn neamhchrua follasach ach ní raibh soiléire ar bith faoi cad is brí leis sin. Theastaigh ón dá rialtas go gcuirfeadh Stormont in iúl cad atá riachtanach faoin teorainn ach ní féidir sin a dhéanamh gan Feidhmeannas a athbhunú, go práinneach.

An ndéanfar é? Cad a bhí i gceist ag an DUP agus ag Sinn Féin nuair a dúradar araon go raibh margadh indéanta? Indéanta má ghéilleann tusa domsa? Nó indéanta mar go ndéanfaimid comhghéilleadh? Ar lámh amháin, deir Sinn Féin, go bhféadfaí na deacrachtaí a fhuascailt taobh istigh de lá ach ar an lámh eile deir siad nach bhfuil brú ar bith orthu óna lucht leanúna chun filleadh ar Stormont mura n-athraíonn an DUP a gcur chuige. Tá an DUP den bharúil nach bhfuil le déanamh ach Stormont a athbhunú; dúirt Arlene Foster nár cheart na hinstitiúidí a scor sa chéad áit.

Maítear go bhfuil maolú ar an mbinb idir an DUP agus Sinn Féin le seachtain anuas. An leor é sin chun margadh a éascú an mhí seo? Cuireadh cáipéis le dréacht-téarmaí faoi bhráid na bpáirtithe an tseachtain seo caite agus bhí súil le freagraí orthu agus seo á scríobh. Baineann na ceisteanna sin le comhionannas, meas, buiséad, clár rialtais agus trédhearcacht. Tá comhairliúchán poiblí faoi oidhreacht na dtrioblóidí i measc na dtéarmaí- íobartaigh ar an mhéar fhada arís eile agus an tsáinn faoi shlándáil gan réiteach. Is ag dul i bhfad atá liosta na gceisteanna.

Fág freagra ar 'Beidh aird ar an DUP fad is atá gá leo ach níor mhór dóibh a bheith cúramach…'