Beidh aiféala ar Phort Láirge nach ndearna siad an beart an chéad lá

Tá na Déisigh sách maith chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann, ach is beag seans go mbeidh na Cait chomh ciúin céanna tráthnóna

Beidh aiféala ar Phort Láirge nach ndearna siad an beart an chéad lá

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Cill Chainnigh v Port Láirge, Staid Semple, 6.45i.n.

Ba dheacair ag lucht tacaíochta Phort Láirge breathnú siar ar chluiche an Domhnaigh seo caite gan a shamhlú gur chaill na Déisigh a ndeis an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh. Bhí foireann Derek McGrath trí phointe chun cinn i ndiaidh 70 nóiméad agus na Cait faoi chois acu ach lig siad ar ais san imirt ag an deireadh iad.

Bhí imirt Phort Láirge beagnach gan locht ar feadh 60 nóiméad i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite agus is é an dúshlán is mó atá rompu inniu ná an leibhéal sin a bhaint amach arís.

Bhí Austin Gleeson ar fheabhas mar leatosach agus chuir sé beagnach gach iarracht a bhí aige thar an trasnán. Ba é an scéal céanna ag Pauric Mahony, a d’aimsigh cúpla pointe breá ón taobhlíne agus bhí lá den scoth aige leis na pocanna saora chomh maith. Ní foláir don bheirt sin agus a gcuid comhghleacaithe a bheith i mbarr a maitheasa arís tráthnóna.

Is é an áit a ndeachaigh Port Láirge amú ná gur thosaigh siad ag cúlú siar nuair a bhí siad chun cinn agus an cluiche ag teacht i dtreo an deiridh. Thit na tosaithe uile siar agus bhí cosantóirí Chill Chainnigh in ann an sliotar a ghlanadh amach agus gan aon bhrú orthu.

Is foireann óg iad Port Láirge agus thuigfeá dóibh dá mbuailfeadh imní iad agus iad ar tí na Cait a shárú sa chraobh den chéad uair ó 1959, ach má bhíonn an deis chéanna acu i Staid Semple tráthnóna, agus iad chun cinn agus cúpla nóiméad le himirt, b’fhearr dóibh bheith muiníneach agus coinneáil orthu ag ionsaí.

An fhadhb mhór atá ag na Déisigh ná gur annamh nach bhfeabhsaíonn foireann Brian Cody nuair a fhaigheann siad an dara deis.

I gcluiche ceannais 2014, rinne Tiobraid Árann gach sórt go seoigh ach choinnigh Cill Chainnigh leo agus thug siad an lá leo san athimirt. Tharla an rud céanna in aghaidh na Gaillimhe i gcluichí ceannais 2012.

Roghnaigh Cody gan aon athrú a dhéanamh ar fhoireann an deireadh seachtaine seo caite ach beidh sé ag súil le i bhfad níos mó ó leithéidí Colin agus Michael Fennelly agus ó Jonjo Farrell i measc na dtosaithe.

Nuair nach bhfuil aon imreoir nua tugtha isteach ag Cody, taispeánann sé, b’fhéidir, nach bhfuil an mhuinín chéanna ag an mbainisteoir as a scuad is a bhíodh blianta eile, ach níl a shárú ann chun foireann a spreagadh.

Rogha Tuairsic.ie: Cill Chainnigh

Fág freagra ar 'Beidh aiféala ar Phort Láirge nach ndearna siad an beart an chéad lá'