‘Begrudgery’ agus ‘devilment’ i measc na bhfocal a cuireadh le focloir.ie ar maidin

Tá sprioclíon iomlán aonaid chéille an tionscadail bainte amach anois agus deireadh curtha leis an obair a tosaíodh os cionn trí bliana ó shin. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar liosta iomlán na gceannfhocal faoi láthair, áfach, agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaí uaslódáil eile chuig an suíomh amach sa bhliain

25-01-2013 Repro Free Lost in translation: Ghost estates, cloud computing and retweet are amongst the new words in the new online English-Irish dictionary published by Foras na Gaeilge. Picture shows Clíodhna Ní Mhianáin (10) viewing the new online English-Irish dictionary www.focloir.ie at the launch in the National Gallery in Dublin. www.focloir.ie is the first national English-Irish dictionary since the publication of de Bhaldraithe in 1959. PIC: MAXWELLS NO FEE

Cuirfear an 5,000 iontráil deiridh leis an suíomh focloir.ie inniu. Beidh 10,400 ‘aonad céille’ i measc na n-iontrálacha sin a chuirfidh deireadh, nach mór, leis an obair ar an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge.

Ta athbhreithniú á dhéanamh ar liosta iomlán na gceannfhocal faoi láthair, áfach, agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaí ábhar eile a uaslódáil chuig an suíomh amach sa bhliain. Cuirfear leagan clóite den fhoclóir ar fáil an bhliain seo chugainn.

I measc na bhfocal nua a cuirfear leis an suíomh an uair seo tá gangland, teamwork, unpredictable, barm brack, haunted house, witch’s hat, begrudgery, boxty, devliment, agus hot press.

Roghnaíodh na focail a bhí le huaslódáil an uair seo bunaithe ar a minicíocht sa Bhéarla, go háirithe i mBéarla na hÉireann, ar aiseolas ón bpobal agus trí thaighde a dhéanamh ar na focail is mó cuardach ar an suíomh.

Breathnaíodh freisin ar na himeachtaí atá ag teannadh linn sna míonna amach romhainn, Oíche Shamhna mar shampla, chomh maith le himeachtaí agus scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair, an choimhlint drongchoirpeachta i mBaile Átha Cliath, mar shampla.

Cuireadh sciar maith ceannfhocal agus cialla a bhaineann le réimse an oideachais leis an suíomh an uair seo freisin.

Tá glantachán déanta ag foireann an fhoclóra ar iontrálacha a bhí beo ar an suíomh cheana féin bunaithe ar aiseolas ón bpobal le linn na bliana, agus tá an fhoireann sásta glacadh le haon aiseolas eile a bheadh ag an bpobal faoi ábhar an tsuímh.

Seoladh leagan aipe den suíomh ag Oireachtas na Gaeilge anuraidh agus beidh nuashonrú ar fáil don leagan sin saor in aisce, agus na hiontrálacha nua air, go luath amach anseo.

Dúradh anuraidh go mbeadh fáil i mbliana ar aip nua don suíomh teanglann.ie ar a bhfuil leaganacha digitithe d’fhoclóirí Uí Dhomhnaill agus de Bhaldraithe, agus An Foclóir Beag le fáil, chomh maith le háiseanna gramadaí agus foghraíochta.

Beidh cuardach ar fhocail Ghaeilge á chur ar fáil i gcaitheamh an tsamhraidh, a chuirfidh ar chumas na n-úsáideoirí focail sa Ghaeilge a chuardach san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge. Tá ráite ag lucht an fhoclóra nach bhfágann an fheidhm nua seo go mbeidh an foclóir ina fhoclóir ‘dhá threo’ agus moltar fós d’úsáideoirí atá ag iarraidh foclóir Gaeilge-Béarla a úsáid leas a bhaint as teanglann.ie chuige sin.

Táthar ag súil mar sin féin go mbeidh an cuardach droim ar ais ina áis fhiúntach d’úsáideoirí an tsuímh.

Fág freagra ar '‘Begrudgery’ agus ‘devilment’ i measc na bhfocal a cuireadh le focloir.ie ar maidin'

  • Moladh

    Áis iontach is ea an foclóir céanna sin, agus leaganacha deasa nádúrtha ann. Molaim na daoine a bhí ina bhun.

  • padraig

    gaisce agus eacht thar na bearta!