Because I’m worth it! – braistint teidlíochta i dtírín seo na naomh is na n-ollamh

Bíonn nós ag daoine an focal ‘tírghrá’ a chaitheamh timpeall mar a dhéanfaí le confeití ar lá an phósta - dhein siad, dar leo féin, ‘the state some service’, agus anois tá ‘payback time’ buailte leo

 

Faoin am seo, is sine qua non é go mbeadh príomhfheidhmeannach féintábhachtach i dteideal tuarastail a bheadh ar aon chéim le tuarastail scór daoine sa ‘ghnáthshaol’.

Cé a dúirt nach bhfuil potaí óir le fáil i ndeireadh na mboghanna báistí? Bhuel, na feirmeoirí go léir ar baill d’Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann iad a chreid nach raibh ansin ach finscéal gan dealramh do pháistí. Tá a mhalairt de phort acu inniu.

Níl sa sampla seo is déanaí den bhraistint teidlíochta i dtírín seo na naomh is na n-ollamh ach stuaic an chnoic oighir, áfach. Is liosta le háireamh iad na cumainn agus na heagraíochtaí atá sa chás céanna leis na feirmeoirí. Ina measc bheadh cumainn charthanachta, ceardchumainn, eagraíochtaí deonacha agus, ar an drochuair, tá príomhfheidhmeannaigh agus ceannairí ina mbun a cheapann go mba chóir dá dtuarastail a bheith ar an leibhéal céanna nó níos airde fiú ná tuarastal Barack Obama, Uachtarán Mheiriceá, áit a bhfuil 322 milliún duine lonnaithe, Dia idir sinn agus an anachain.

Faoin am seo, is sine qua non é go mbeadh príomhfheidhmeannach féintábhachtach i dteideal tuarastail a bheadh ar aon chéim le tuarastail scór daoine sa ‘ghnáthshaol’. ‘Because I’m worth it,’ an mana sotalach a úsáidtear chun a leithéid de chamastaíl a chosaint. Agus is beag talamh ard mhorálta atá ag baill de na meáin a bhíonn ag iarraidh na daoine seo a thabhairt chun cuntais as a gcuid geáitsíochta de bharr go bhfuilid féin ag saothrú tuarastal a bhainfeadh an bláth de thuarastal Obama ar an dóigh chéanna. B’fhéidir go raibh an ceart ag Cathal Ó hEochaidh nuair a dúirt sé gur ‘náisiúinín iontach’ é an náisiún seo ‘gainne!

Cad is ciall le ‘braistint teidlíochta’? Bíonn ‘braistint teidlíochta’ i gceist nuair a bhraitheann duine go bhfuil sé i dteideal ómóis nó measa nó aird nó aitheantais ar leith (agus tuarastal ollmhór, ar ndóigh!) de bharr, dar leis, go bhfuil rudaí tábhachtacha déanta nó bainte amach aige ina shaol. Go bhfuil ionchur mór curtha isteach aige i saol na hÉireann, dar leis. Táimid ag trácht ar iarthaoisigh, iar-airí, iarpholaiteoirí, craoltóirí, dlíodóirí, scabhaitéirí agus daoine iomráiteacha eile nach iad. Daoine, dar leo féin, a dhein obair thábhachtach le linn a saoil agus atá anois i dteideal cúitimh as an saothar mór atá curtha i gcrích acu, dar leo féin.

Ar ndóigh, ní gá i gcónaí go mbeidís go léir san earnáil phoiblí. Baineann an bhraistint teidlíochta le daoine san earnáil phríobháideach freisin. Pearsana móra teilifíse, comhairleoirí leighis a bhonn i mbéal an phobail; cócairí clúiteacha a mbíonn a gcláir theilifíse féin acu, láithreoirí clár teilifíse – daoine so-aitheanta. Braitheann líon mór de na daoine seo go bhfuil siad i dteideal urraime agus ómóis agus suíocháin sa Seanad agus suíocháin ar bhoird stáit agus gradaim den uile chineál nuair a éiríonn daoine bréan de bheith ag éisteacht leo agus ag féachaint orthu ina ngairmeacha éagsúla.

É mar nós ag cuid de na daoine seo an focal ‘tírghrá’ a chaitheamh timpeall mar a dhéanfaí le confeití ar lá an phósta. Dhein siad, dar leo féin ‘the state some service’ agus tá sé thar am ag an stát céanna é sin a aithint agus beart a dhéanamh de réir a bhriathair. I bhfocail shimplí, tá sé in am aisíoca nó tá ‘payback time’ buailte leo, dar leo.

Agus nuair a thugtar an chluas bhodhar dóibh, bíonn siad lomlán de dhiomú féinfhíréanta agus tagann cochall orthu, na créatúir. Ar nós an pháiste bhig, tarraingíonn siad cic ar an doras nó ar an mball troscáin is gaire dóibh. Bíonn siad le ceangal, na créatúir, mar glacann siad leis an eiteach mar a ghlacfadh vaimpír le huisce coiscricthe nó mar a ghlacfadh Tír Eoghain le cailliúint nuair a bhíonn siad ag imirt in aghaidh Chiarraí nó vice-versa.

Na créatúir. Iad lán de dhiomú féinfhíréanta agus braistint teidlíochta. Déithe beaga féindírithe a bhfuil an tír bheag seo ag cur thar maoil leo. Ceapann siad, os rud é go n-aithnítear iad ag gabháil na sráide, gur réaltaí móra tábhachtacha iad. Ní ritheann sé leo in aon chor go bhfuair a bhformhór mór acu íocaíocht ard, fhial, fhlaithiúil, dhíréireach le linn a saoil oibre faid a bhí an chuid eile den daoscarshlua neamhnite ag streachailt leo ar a ndícheall ón lámh go dtí an béal lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, mí i ndiaidh míosa, bliain i ndiaidh bliana.

Ar ndóigh, ní raibh teacht ag an daoscarshlua seo ar na meáin chumarsáide oíche i ndiaidh oíche chun a gcuid tuairimí i dtaobh staid na tíre a roinnt ar phobal na tíre. Is beag freastal a dhéanann na meáin sa tír seo ar an daoscarshlua ach iad ag tochras ar a gceirtlíní féin ag iarraidh stádas lucht gustail a dhaingniú. Ní rófhada ó shin a d’fhógair craoltóir mór le rá ar chlár teilifíse ‘go mbeadh sé ar fáil le haghaidh an tSeanaid dá mbeadh sé ag teastáil nuair a bheadh a rás rite mar chraoltóir’. Iontach. Tá an duine seo sna seachtóidí, dála an scéil.

Chuile lá, fágann baicle mhór den aos óg an tír seo chun dul ar imirce go tír éigin i bhfad i gcéin. Agus bí cinnte de go bhfaighidís dea-thoil ón mbaicle bheag a bhfuil an teann ar a gcúl acu, a mbeannachtaí agus a bplámás masmasach. Ach ní bhfaighidís níos mó ná sin. Is cinnte nach bhfaighidís a bpostanna ná a dtacaíocht maidir le fostaíocht a chruthú dóibh ná aon ní fónta eile seachas a gcuid focal bladrach.

Braithim go bhfuil ceangal na gcúig gcaol ag na meáin ar mheon agus ar anam na tíre seo i láthair na huaire. Táimid sáite i bpoll dár ndéantús féin, poll ina bhfanfaimid mura seasfaimid suas ar ár gcosa féin in aghaidh mionlaigh faoi phribhléid a bhfuil an bhraistint teidlíochta agus an sotal a ghabhainn léi mar fhuipeanna acu chun an chuid eile de dhaonra na tíre a choinneáil faoi smacht.

Gluais: braistint teidlíochta – sense of entitlement; diomú féinfhíréanta – self-righteous indignation; daoscarshlua – common people.

Fág freagra ar 'Because I’m worth it! – braistint teidlíochta i dtírín seo na naomh is na n-ollamh'