Beathaisnéisí nua curtha le Ainm.ie agus aitheantas tugtha do idir aisteoirí, iriseoirí agus scoláirí

Tá sé bheathaisnéis nua-scríofa curtha leis an mbunachar náisiúnta beathaisnéisí Gaeilge Ainm.ie

Beathaisnéisí nua curtha le Ainm.ie agus aitheantas tugtha do idir aisteoirí, iriseoirí agus scoláirí

Is iad an seisear bhfuil a mbeathaisnéisí curtha leis an mbunachar ná an t-iriseoir agus eagarthóir Paul Drury (1958-2015), an t-aisteoir Diarmuid Mac an Adhastair (1943-2015), an t-iriseoir agus staraí Mairéad Ní Chinnéide (1942-2015), an scoláire agus scríbhneoir Muiris Ó Meara (1972-2014), an t-aisteoir Neasa Ní Annracháin (1922-2014) agus an foilsitheoir Caoimhín Ó Marcaigh (1933–2014).

Bhí Paul Drury, a bhásaigh i mí Mhárta na bliana 2015, ina eagarthóir ar chuid de na nuachtáin is mó sa tír, ina measc The Star, The Evening Herald, Ireland on Sunday agus The Daily Mail.

Thug sé seal ina eagarthóir ar an nuachtán Gaeilge Amárach agus bhí colún chomh maith aige ar Tuairisc.ie a bhí i measc na míreanna ba mhó tóir ar an suíomh seo nuair a bunaíodh é i 2014.

Bhásaigh Mac an Adhastair, a bhain cáil amach ar fud na hÉireann i ról Shéamuis Mhicil Tom ar an sobalchlár Ros na Rún, in 2015 freisin. Bhí sé le feiceáil ar Ros na Rún ón uair ar thosaigh an tsraith mar chlár píolótach ar RTÉ i 1992.

D’oibrigh an t-aisteoir chomh maith ar ghearrscannáin ar nós An Leabhar, Dillusc agus Cosa Nite agus bhí sé sa scannán a rinneadh de Cré na Cille. I measc na ndrámaí ar ghlac sé páirt iontu bhí Ní Maith Liom do Thrioblóid, a scríobh a dhlúthchara Joe Steve Ó Neachtain.

Scríbhneoir, eagarthóir, iriseoir agus staraí a raibh ardmheas uirthi ba ea Ní Chinnéide, a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Aibreáin 2015.

Mar shaoririseoir Gaeilge is beag foilseachán nár scríobh Mairéad dó in imeacht na mblianta, ina measc Comhar, an Irish Press, an Irish Times agus Foinse. Rinne sí obair mhór ar son Comhar agus ar son LeabhairComhar.

Bhásaigh an scoláire agus scríbhneoir Muiris Ó Meara, a mbíodh a shaothar cruthaitheach agus critice ar fhoilseacháin éagsúla, i mí Mheithimh na bliana 2014 tar éis tinnis ghearr. Scríobh sé ailt agus léirmheasanna faoi réimse leathan ábhar ar Comhar agus Feasta go háirithe. Foilsíodh leabhar i gcuimhne ar Ó Meara, Solas Ar Na Dumhchannaí in eagar ag Ailbhe Ní Ghearbhaigh agus Siún Ní Dhuinn, ag Oireachtas na Samhna 2016.

Cuireadh cuntais freisin le Ainm.ie ar bheatha Neasa Ní Annracháin (1922-2014) agus Caoimhín Ó Marcaigh (1933–2014).

Duaisaisteoir a chaith beagnach daichead bliain le hAisteoirí Raidió Éireann ab ea Ní Annracháin. Bhíodh sí páirteach i ndrámaí i nGaeilge agus i mBéarla, cuid acu a craoladh beo sna 1950idí agus 1960idí. In 1975, bhuaigh sí Duais Jacob dá ‘outstanding contribution to a distinguished company of actors’.

B’eagarthóir agus foilsitheoir ildánach é Ó Marcaigh a raibh dlúthbhaint aige le litríocht na Gaeilge agus le cur chun cinn mór-údair na Gaeilge ar feadh a shaoil. Ceapadh ina Eagarthóir Sinsearach ar an nGúm é i 1981 agus sa bhliain chéanna thóg sé féin agus a bhean chéile, Aingeal, cúram an chomhlachta foilsitheoireachta Sairséal agus Dill ar láimh.

Is cnuasach beathaisnéisí é Ainm.ie a chuimsíonn breis agus 1,700 beathaisnéis ó 1560 go dtí an lá inniu. Bunaíodh painéal comheagarthóirí in 2013 faoi stiúir Cló Iar-Chonnacht le cuid de na seanbheathaisnéisí a nuashonrú agus le cinn úra a scríobh. Ba iad Éilís Ní Anluain, Mártan Ó Ciardha, agus Fionntán de Brún a sholáthair cuntais bheatha na ndaoine thuasluaite.