Beathaisnéisí Abraham Lincoln agus ‘Connemara’

Idir ‘Connemara Road’ in Atlanta Georgia agus ‘Connemara’ i Flat ‘Flat Rock’ North Carolina, is fánach an áit a bhfaighfeá Conamara, a deir ár gcolúnaí

Connemara Pony

Cén bhrí atá le Conamara agus cén áit a bhfuil sé, go baileach? Tugann an ‘Free Dictionary’ ar an idirlíon a bhreithiúnas féin ar na ceisteanna seo:

“A barren coastal region of the W Republic of Ireland, in Co Galway which consists or quartzite mountains, peat bogs and many lakes; noted for its breed of ponies originating from the hilly ground.” 

Ní moladh mór é cé, ar ndóigh, go bhfuil muid uilig bródúil as na capaillíní. Is lú ná sin de chuntas a thug fear as Conamara ar an gceantar sna blianta siar: “Níl tada,” a deir an fear seo “taobh thiar d’Uachtar Ard ach an déirce.” Níor tharraing sé anuas mianach na gcapaillíní féin. Sílim gurb é bochtaineacht na talún agus an bhail atá ar na bóithre a bhí á chur soir. Sin é anois é – Cú na Mara, a deir tú. Nó an bhfuil brí agus bunús ceart le scéal seo chú na mara? Nó cá bhfuil Conamara?

‘Siar’ a d’abraítí a bhí sé tráth den saol. ‘Siar’ – san áit a raibh na ‘peat bogs’ agus na ‘quartzite mountains’ agus an “déirce”. Siar ó Indreabhán agus ón Teach Dóite atá Conamara a deir fear na sléibhte agus an seandálaí, Micheál Ó Giobúin. Is dóigh, a deir Micheál, agus é ag labhairt ag ócáid eolais d’fheilméaraí ar an Teach Dóite, go bhféadfá Indreabhán a fhágáil ann – agus as sin ‘siar’. Ach téigh siar tuilleadh; tagann Conamara – nó ‘Connemara’ sa gcás seo – ar an léarscáil in áiteanna nach mbeadh súil ar bith agat leis i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tuairim leathscór mílte amach ó chathair Atlanta i Stát Georgia, tá bóthar ar a dtugtar Connemara Road. Colm Ó Dúlacháin, atá le Raidió na Gaeltachta i nGaoth Dobhair, a thaispeáin dom é sna blianta siar. Ní raibh aon chuntas ag duine ar bith go háitiúil ar an gcúis gur cuireadh an t-ainm sin ar an áit. Ach bhí rud amháin cinnte; ní raibh cosúlacht ar bith déirce thart ann – tithe agus gairdíní breátha.

Ansin thuas gar d’Indianapolis in Indiana, tá dhá scéim tithe tógtha le cúig bliana anuas agus Roundstone agus Clifden baiste orthu. Ná téigh ina ngaire mura bhfuil ciste chailleach an airgid agat; ní mhaireann an déirce anseo. Mar a tharlaíonn sé, tá míniú simplí ar an gcúis go bhfuil áit-ainmneacha as Conamara i gceist. Bhí an fear a chaith an chuid is mó den airgead ar na forbairtí seo in Indiana i gConamara ar cuairt agus shíl sé gur ann a bhí an ghrian ag luí agus ag éirí. Déirce? Seafóid.

Ach tá áit i North Carolina a bhfuil Connemara buailte mar ainm air ar an gceann is spéisiúla – feictear dom. Seo é an Carl Sandberg Estate in áit ar a dtugtar Flat Rock gar do na Blue Ridge Mountains – taobh tíre álainn agus gan caint ar aon déirce ann. ‘Connemara’ an t-ainm atá ar an teach ollmhór agus gach a dtéann leis – sin 245 acra talún; tá sé anois faoi chúram Áisíneacht na bPáirceanna Náisiúnta i Meiriceá agus é caomhnaithe mar cheann d’ionaid stairiúla Mheiriceá. Tá cúis mhaith leis sin.

Ba ansin a chaith Carl Sandberg agus a theaghlach píosa mór den saol. Ba file é Sandberg a raibh a cháil i bhfad agus i ngearr. Deirtí gur file pobail a bhí ann; ní raibh an iomarca draíochta ná doiléire sa bhfoclaíocht. Ach, is dóigh gurb é a bheathaisnéis faoi Abraham Lincoln ba mhó a chuir a cháil in airde. Nuair a bhásaigh Carl Sandberg i 1967 dúirt an tUachtarán Lyndon Johnson: “Carl Sandberg was not just voice of America; he was America.” Cheannaigh Sandberg ‘Connemara’ i 1945 agus chónaigh sé ansin nó gur bhásaigh sé – tréimhse 22 bliain. Scríobh sé go leor den ábhar ab fhearr a tháinig óna pheann ansin. Ach, ní hé Sandberg a bhaist ‘Connemara’ ar an áit ach an fear a bhí ann roimhe. Mhínigh ceannasaí chartlann na háite dom é.

“Bhí an teach agus an t-eastát talún ag Ellison Smyth ón mbliain 1900 go dtí 1945,” a deir Miriam Farris. “Fear saibhir a bhí ann agus bhí roinnt monarchana éadaí aige. Eisean a bhaist ‘Connemara’ air. Tá sé ráite gur chuir an áit álainn seo tír a shinsear i gcuimhne dó,” a deir sí. Níl a fhios an raibh Ellison Smyth i gConamara ach ba as Béal Feirste a d’imigh a shinsir am éigin thart ar 1800. “Thaitnigh an t-ainm ‘Connemara’ le Carl Sandberg agus a theaghlach,” a deir Miriam Farris, “agus ní rabhadar ag iarraidh aon athrú a chur air.” Fanfaidh ‘Connemara’ mar ainm air anois go brách. Tugadh an áit ar láimh d’Áisíneacht na bPáirceanna Náisiúnta sna Stáit agus coinnítear é faoina scáth siúd in ómós do Carl Sandberg agus don stádas a bhí aige i saol Mheiriceá. 

Cuireann roinnt daoine ceist faoi ainm na háite – ‘Connemara’ – a deir Miriam Farris, ach ní raibh duine ar bith den naonúr a bhíonn ag obair go buan ann i gConamara riamh. Ach táthar in ann a rá leis na cuairteoirí – 80,000 acu sa mbliain – gur áit dhraíochtúil é Conamara i dtír ghlas i bhfad ó bhaile. B’fhéidir nár chuala an fear a bhí ar mhalairt tuairime faoin gceantar taobh thiar d’Uachtar Ard é sin fós, ach sin scéal thairis.

Nár dheas an rud é go mbeadh ceangal ag Conamara na gcloch le ‘Connemara’ i Flat Rock – go háirithe agus an ceangal stairiúil oidhreachta agus cultúir atá ag baint leis an áit sin, gan trácht ar an mbuntáiste turasóireachta a d’fhéadfadh a bheith leis?

Fág freagra ar 'Beathaisnéisí Abraham Lincoln agus ‘Connemara’'