‘Bearta cosanta’ á gcur i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta roimh phléascadh i Ros an Mhíl

Beidh crios eisiaimh 250m i bhfeidhm do dhaoine, 150m do chairr agus 100m do bháid nuair a bheidh pléascadh trialach ar siúl sa cheantar

‘Bearta cosanta’ á gcur i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta roimh phléascadh i Ros an Mhíl

Tá “bearta cosanta” á gcur i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta i Ros an Mhíl lena chinntiú nach gcuirfidh an pléascadh atá le déanamh ann isteach ar mhuintir na háite ná ar lucht úsáide an chalafoirt.

Is mar chuid den obair dhreideála atá ar bun ag Lárionad Chuan Iascaigh Ros an Mhíl a chaithfear an charraig a phléascadh.

Úsáideadh an modh céanna oibre agus an obair thógála ar bun ar chalafort farantóireachta Ros an Mhíl roinnt blianta ó shin, a dúirt urlabhraí de chuid na Roinn Talmhaíochta le Tuairisc.ie.

Dúirt an t-urlabhraí go mbeidh crios eisiaimh 250m i bhfeidhm do dhaoine, 150m do chairr agus 100m do bháid nuair a bheidh pléascadh trialach ar siúl sa cheantar.

Bunaithe ar an eolas a bhaileofar, déanfar athbhreithniú ar an gcrios eisiaimh i ndiaidh na trialach sin, más gá.

Tuairiscíodh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil iarrtha ag an gconraitheoir a bheidh i mbun na hoibre ar mhuintir na háite a dtithe agus a n-ionaid oibre a fhágáil nuair a bheidh an triail sin ar siúl.

Iarrfar arís orthu an ceantar a fhágáil nuair a bheidh an obair ar bun i ndiaidh na trialach.

Pontúin do bháid pléisiúir atá le tógáil ag Calafort Ros an Mhíl agus tá an dreideáil á déanamh mar chuid den tógáil sin.

Tá aighneas idir iascairí ribí róibéis sa cheantar agus an Roinn de bharr gur tógadh a gcuid potaí as an láthair seo chun go bhféadfaí tosú ar an obair do na pontúin.

Ag cruinniú poiblí ar an Tulaigh an tseachtain seo caite, bhí daoine buartha nár cuireadh ar an eolas iad mar ba cheart faoin togra ná faoin dochar a d’fhéadfadh sé a dhéanamh dá slí bheatha agus don timpeallacht.