Béarla le díbirt ó naíonáin na Gaeltachta agus polasaí oideachais nua seolta ag an Taoiseach

Ag labhairt dó i Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua inniu, dúirt an Taoiseach gur léiriú é an polasaí nua Gaeltachta ar ‘thiomantas’ an Rialtais agus na Roinne Oideachais don Ghaeilge

Béarla le díbirt ó naíonáin na Gaeltachta agus polasaí oideachais nua seolta ag an Taoiseach

Beidh ar aon bhunscoil atá ag iarraidh aitheantas mar scoil Ghaeltachta feasta staonadh ó theagasc an Bhéarla ar feadh an chéad dá bhliain scolaíochta agus polasaí lán-tumoideachais a chur i bhfeidhm.

Tá an polasaí lán-tumoideachais i measc na gcritéar d’aitheantas mar scoil Ghaeltachta sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, a sheol an Taoiseach Enda Kenny ar an gCeathrú Rua i gConamara inniu.

Dúirt an Taoiseach gur léiriú é an polasaí seo “ar thiomantas an Rialtais agus na Roinne Oideachais do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge”. Dúirt sé gur ócáid “speisialta” a bhí ann toisc gurb é an chéad pholasaí dá leithéid ó bhunú an stáit.

Bhí an tAire Oideachais Richard Bruton agus Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne i láthair ag an seoladh chomh maith, agus thuill Bruton bualadh bos mór ón slua agus moladh ón Taoiseach as a phíosa cainte a thabhairt i nGaeilge.

Go n-uige seo, b’ionann scoil Ghaeltachta agus aon scoil a bhí lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta, ach ní hamhlaidh a bheidh níos mó agus stádas Gaeltachta ag brath feasta ar chritéir theangeolaíochta seachas tíreolaíochta. Is é a bheidh i scoil Ghaeltachta ach a chuirfear an polasaí i bhfeidhm “ná scoil a thiomnaíonn do na réimsí curaclaim agus na hábhair churaclaim uile a sholáthar trí mheán na Gaeilge” agus a oibríonn leis an bpobal trí mheán na Gaeilge. Screen Shot 2016-10-28 at 13.36.00

Cuirfear an polasaí i bhfeidhm “de réir a chéile” ó Mheán Fómhair 2017 agus €1 milliún a bheidh ar fáil don obair sin an bhliain seo chugainn. Thug Príomhchigire na Roinne Oideachais, Harold Hislop, le fios do RTÉ RnaG “go mbeadh i bhfad níos mó” airgid i gceist do bhliain iomlán 2018 agus do na blianta ina dhiaidh sin. Bhíothas “lánchinnte” go gcuirfí an t-airgead sin ar fáil, a dúirt sé,

Bunófar Aonad Gaeltachta nua sa Roinn Oideachais go luath in 2017 chun an polasaí a chur i bhfeidhm agus bunófar seirbhís sainchigireachta le tacú leis an Aonad sin monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an pholasaí. Beidh ról lárnach chomh maith ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i soláthar “na seirbhísí tacaíochta scoile agus ceannaireachta”  a bheidh ag teastáil don pholasaí.

De réir an pholasaí, an chéad pholasaí dá leithéid ó bhunú an Stáit, ní hamháin go mbeidh ar an mbunscoil atá ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a bhaint amach an tréimhse lán-tumoideachas a chur i bhfeidhm, ach beidh orthu a chinntiú chomh maith gur i nGaeilge amháin a dhéanfar gnó na scoile ar fad.

Más faoi aon scoil Ghaeltachta atá ag teagasc trí Bhéarla faoi láthair aitheantas Gaeltachta a bhaint amach, beidh tréimhse cúig bliana aici chun a cur chuige a athrú agus na critéir éagsúla a shásamh.


Is féidir an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a léamh ina iomlán anseo


Deirtear sa pholasaí go maíonn 78% de bhunscoileanna agus 68% d’iarbhunscoileanna Gaeltachta go mbíonn siad ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, ach de réir an pholasaí féin tá fianaise “starógach” ann go bhfuil cuid de na scoileanna sin “ag déanamh áibhéil”.

Deirtear chomh maith gur trí mheán an Bhéarla a oibríonn 54% de réamhscoileanna na Gaeltachta.

Gealltar go gcuirfear tacaíocht ar fáil chun feabhas a chur ar “cháilíocht an teagaisc trí mheán na Gaeilge i scoileanna agus réamhscoileanna Gaeilge”.

Deirtear go gcuirfear acmhainní teagaisc agus eile ar fáil, ag áireamh forbairt ghairmiúil leanúnach, ar bonn “céimneach” nuair a chláraíonn scoil chun aitheantas Gaeltachta a bhaint amach.

I measc na n-acmhainní sin beidh foireann theagaisc bhreise “ar mhaithe le tacaíocht teanga” agus chun cabhrú “le saibhriú teanga na gcainteoirí dúchais”. Gealltar “maoiniú breise” do scoileanna chomh maith chun cuidiú leo an polasaí nua a chur i bhfeidhm.

Mar chuid den pholasaí, tabharfar cuireadh do na Coláistí Oiliúna tairiscint a chur isteach chun cúrsa oiliúna lánGhaeilge a reáchtáil d’ábhar oidí bunscoile agus go ndéanfar leathnú ar an soláthar oiliúna Gaeilge don dara leibhéal.

Beidh deis ag scoileanna áirithe a bhaineann sárchaighdeán aitheantas a fháil mar Scoileanna Gaeltachta Barr Feabhais.

Dearbhaítear sa pholasaí nua gurb í a phríomhsprioc ná a chinntiú “gurb é an teagasc trí mheán na Gaeilge an chéad rogha ag tuismitheoirí i ngach ceann de na limistéir Ghaeltachta” agus aithnítear go bhfuil riachtanais oideachais ag an gcainteoir dúchais nach ionann iad agus riachtanais an fhoghlaimeora.

Gealltar go gcinnteofar go bhfuil ábhar na gcuraclam Gaeilge oiriúnach don chainteoir dúchais, agus go spreagfar daltaí Gaeltachta le tabhairt faoi na cúrsaí nua Gaeilge don chainteoir líofa a bhfuil sé i gceist iad a thabhairt isteach don Teastas Sóisearach agus don Ardteist.

Maítear leis go dtacófar le cur i bhfeidhm polasaí lán-tumoideachais i réamhscoileanna Gaeltachta agus go gcuirfear maoiniú agus acmhainní breise ar fáil do naíonraí Gaeltachta chuige sin.

D’fhágfadh an tréimhse tumoideachais dhá bhliain sa réamhscoil agus an tréimhse tumoideachais sa bhunscoil ina dhiaidh sin go mbeadh ceithre bliana d’oideachas lánGhaeilge ag an bpáiste Gaeltachta agus nach mbeadh aon Bhéarla a theagasc dó nó go mbeadh sé in aois a seacht nó a hocht mbliana.

Maidir le hiarbhunscoileanna na Gaeltachta, níl na critéir le haghaidh aitheantas ‘Gaeltachta’ chomh docht is atá i gcás na mbunscoileanna. Luaitear, áfach, go ndéanfar “leathnú ar an bhfáil ar churaclam iomlán trí Ghaeilge” do scoláirí sna hiarbhunscoileanna agus go mbeifear ag ‘gluaiseacht’ i dtreo gach ábhar seachas Béarla agus teangacha eile a mhúineadh go hiomlán trí Ghaeilge.

Déantar tagairt don siollabas nua Gaeilge don chainteoir líofa a bhfuil sé i gceist é a thabhairt isteach don Teastas Sóisearach an bhliain seo chugainn, ach ní léir go mbeidh aon cheangal ar scoileanna Gaeltachta an siollabas sin a theagasc. Dealraíonn sé gurb amhlaidh an scéal don siollabas nua a mhaítear a thabharfar isteach don Ardteist amach anseo. Ní léir sa pholasaí, áfach, go mbeadh mórán de spreagadh breise ann don dalta Gaeltachta an cúrsa níos dúshlánaí seo a dhéanamh. Ní bheadh, mar shampla, aon phointí bónais ar fáil as an gcúrsa a dhéanamh, cé go luaitear go bhfuil sé i gceist scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaltaí a bhainfeadh ardchaighdeán amach chun freastal ar chúrsaí tríú leibhéal a bhfuil an Ghaeilge mar chuid díobh.

Aithnítear sa pholasaí go bhfuil ‘dúshlán’ ar leith ann don oideachas Gaeltachta toisc an oiread scoileanna beaga a bheith sna ceantair Ghaeltachta. Deirtear go ndéanfar “fiosrú ar an bhféidearthacht leis an iliomad scoileanna beaga sa Ghaeltacht a athchumrú” agus moltar struchtúr nua faoina mbeadh, mar shampla, bord bainistíochta amháin á roinnt ag scoileanna éagsúla.

Fág freagra ar 'Béarla le díbirt ó naíonáin na Gaeltachta agus polasaí oideachais nua seolta ag an Taoiseach'

  • Kathleen

    Hello
    An mbeith me in Ann coip don pictuir at sa sceal seo. Ta mo inion sa bpictuir.
    Go raibh maith agat

  • Manus

    Nach mbeadh sé níos ciallmhaire curaclam nua dos na scoileanna dara leibhéal LánGhaeilge agus Gaeltachta?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cinnte tá sé rí-thábhachtach réamhscoltacha, naíonraí agus bunscoltacha lán-Ghaeilge bheith sa Ghaeltacht ach muna bhfuil meánscoltacha go hiomlán Gaeilge agus iar-mheánscolaíocht go hiomlán Gaeilge ar fáil, caidé’n mhaith ag foghlaim na Gaeilge nuair nach dtig í a úsáid in achan slí beatha diomaite d’earnáil na Gaeilge?

    Agus, dár ndóighe, caidé ‘tharlós muna bhfuil an t-airgead (na hacmhainní) ar fáil?

    ‘…churaclam iomlán trí Ghaeilge” do scoláirí sna hiarbhunscoileanna agus go mbeifear ag ‘gluaiseacht’ i dtreo gach ábhar seachas Béarla agus teangacha eile a mhúineadh go hiomlán trí Ghaeilge.’

    D’fhoghlaim mise Fraincís agus Gearmáinis trí mheán na Gaeilge – le téacsleabharthaí Gaeilge – tá corradh agus 25 bliain ó shoin. Nach dtarlaíonn seo i scoltacha na linne seo? Agus cad chuighe a dhéantar Béarla a theagasc trí Bhéarla sa Ghaeltacht???

    Ón méid atá léighte sa tuairisc seo agam níl mórán dóchais agam go ndéanfaí faic sa chóras oideachais leis an Ghaeilg a chuir chun cinn agus a shlánú sa Ghaeltacht.

    ‘…agus stádas Gaeltachta ag brath feasta ar chritéir theangeolaíochta seachas tíreolaíochta.’

    Más ‘critéir teangeolaíochta’ atá i gceist cá háit a bhfuil na seirbhísí stáit leis na ‘critéir’ seo a bhuanú?? Cá háit a bhfuil na státsheirbhísigh agus na hoibrithe san earnáil phoiblí leis an Ghaeilg a chuir chun tosaigh nuair a thagann siad isteach sa Ghaeltacht nó nuair a bhíonn siad ag plé le ceisteanna f’an Ghaeltacht agus ag plé le pobal na Gaeltachta??

    m.sh. seirbhísí sláinte, talmhaíochta, iascaireachta, comhshaola, iompar, fiontraíochta/gnó, Coimisinéirí Ioncaim/airgeadais, cumarsáide, infreastruchtúr, fuinneamh, turasóireachta, coimirce sóisialaí, srl.

    Agus cá huair a chuirfeas coinníoll Gaeilge ar an Ghaeltacht?…

  • Tomás Ó Ceallaigh

    Céard feá na Scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht? Caithfidh go mbeadh acmhainní breise acusan chun tum oideachas ceart a chur i bhFeidhm. Ní bhíonn tuistí sásta nach mbíonn béarla a úsáid sa chéad dhá bhliain, Lé acmhainní breise bheadh scoileanna sásta le níos liú ar an rolla ach tuistí fabhrach don thum oideachas,