Bean Ghaeltachta san iomaíocht do mhórghradam ceoil de chuid an Irish Times

Tá Síle Denvir i measc na n-iomaitheoirí don ghradam ‘Albam Traidisiúnta na Bliana’ ag Gradaim ‘The Ticket’ de chuid The Irish Times

Bean Ghaeltachta san iomaíocht do mhórghradam ceoil de chuid an Irish Times

Tá Síle Denvir as na hAille i nGaeltacht na Gaillimhe san iomaíocht don ghradam ‘Albam Traidisiúnta na Bliana’ ag Gradaim The Ticket, forlíonadh cultúir The Irish Times.

Ba iad Cló Iar-Chonnacht a d’eisigh an t-albam Caithréim le Síle Denivir ar a bhfuil ceol agus amhráin ó dhrámaí an Phiarsaigh. Is í Denvir a roghnaigh an ceol agus a chas na hamhráin ar an dlúthdhiosca in éineacht le Thomas Jahonston, Aoife Ní Argáin, Éadaoin Ní Mhaicín, Síomha Mulligan agus Claire Dolan.

Tá ceithre halbam eile san iomaíocht don ghradam — The Gloaming 2 le The Gloaming, grúpa ina bhfuil an t-amhránaí Gaeltachta as Múscraí Iarla Ó Lionáird, North le Conor Caldwell agus Danny Diamond, Imbas le Ensemble Ériu, agus Gatehouse le Tús Nua.

Is iad criticeoirí agus scríbhneoirí The Ticket a roghnaíonn na ceoltóirí a bhíonn ar an ngearrliosta ach fágtar roghnú an bhuaiteora faoin bpobal. Is féidir vóta a chaitheamh do ‘Albam Traidisiúnta na Bliana’ ar shuíomh The Ticket.

Rinne Denvir an t-uafás taighde dá halbam agus tá toradh a cuid oibre le léamh sa leabhrán téagartha eolais atá istigh leis an dlúthdhiosca.

Chuaigh sí i mbun an taighde ar dtús nuair a d’iarr na scoláirí Róisín Ní Ghairbhí agus Eugene McNulty uirthi cur i láthair a dhéanamh faoi cheol an Phiarsaigh i mí na Samhna 2013.

Roghnaigh sí seacht gcinn d’amhráin ar fad don dlúthdhiosca agus aithne mhaith ag lucht labhartha na Gaeilge ar chuid acu –  ‘Óró mo Bháidín’, ‘’S Ambó Aera’, ‘An Draighneán Donn’, agus ‘Caoineadh Mhuire’ ina measc. Tá cúpla amhrán ann, freisin, nach bhfuil chomh haitheanta céanna — ‘An Chaithréim’ ón dráma Mac-ghníomhartha Chúchulainn agus ‘Gráinne Mhaol’ ón dráma Eoghan Gabha.

Casann Síle féin an chláirseach agus tá Aoife Ní Argáin ar an gconsairtín. Tá Síomha Mulligan, Éadaoin Ní Mhaicín agus Claire Dolan ar fhidil, viola agus cello agus is é Thomas Johnson atá ag casadh ar an bpíb uilleann.

Beifear in ann vóta a chaitheamh go dtí meán oíche Dé Domhnaigh. Fógrófar na buaiteoirí go luath ina dhiaidh sin agus bronnfar na gradaim ag ócáid speisialta.

– Tá an t-albam Caithréim ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht.

Fág freagra ar 'Bean Ghaeltachta san iomaíocht do mhórghradam ceoil de chuid an Irish Times'