Béaltriail sa Ghaeilge ‘á ceilt’ ar chainteoirí dúchais — Tóibín

Níor cuireadh an scrúdú cainte don Teastas Sóisearach ar fáil ach i 357 cinn de na 702 meánscoil sa stát anuraidh

Béaltriail sa Ghaeilge ‘á ceilt’ ar chainteoirí dúchais — Tóibín

Peadar Tóibín. Pictiúr: RollingNews.ie

‘Údar díomá’ go bhfuil an deis scrúdú cainte sa Ghaeilge a dhéanamh “á ceilt” ar dhaltaí Gaeltachta atá i mbun an Teastais Shóisearaigh.

Léiríonn figiúirí nua a chuir Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil do Pheadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, nár thug os cionn 50% de mheánscoileanna an deis do dhaltaí an scrúdú cainte a dhéanamh anuraidh.

De réir na bhfigiúirí sin, níor cuireadh an scrúdú ar fáil ach i 357 cinn de na 702 meánscoil sa stát. Bhí daltaí ó Ghaeltacht Ráth Chairn i measc na ndaltaí nach bhfuil an rogha sin ar fáil dóibh, a dúirt Peadar Tóibín.

Dúirt Tóibín gur “údar díomá” dó go bhfuil an deis an scrúdú cainte, ar fiú 40% den scrúdú iomlán Gaeilge é don té a dhéanann é, “á ceilt” ar níos mó ná leath de dhaltaí an Teastais Shóisearaigh, go háirithe toisc gur cainteoirí dúchais iad cuid de na daltaí sin.

“Is crá croí ceart é do na daltaí sin a bhfuil líofacht sa teanga acu cheana féin. Tá mé ar an eolas faoi roinnt daltaí ó Ghaeltacht Ráth Chairn a bhfuil an rogha seo á séanadh orthu, agus níl sé ceart ná cóir nach féidir leo scrúdú béil a roghnú — tá siad á gcur faoi mhíbhuntáiste,” a dúirt sé.

De réir rialacha na Roinne Oideachais faoi láthair, tá an Bhéaltriail sa Ghaeilge roghnach ag an Teastas Sóisearach agus de bharr nach bhfuil ceardchumainn na múinteoirí sásta go mbeadh múinteoirí ag measúnú a ndaltaí féin, ní reáchtáiltear an scrúdú i ngach scoil.

400 marc san iomlán atá ag gabháil leis an scrúdú scríofa, an triail chluastuisceana agus an bhéaltriail faoi láthair.

Daltaí nach ndéanann an bhéaltriail roghnach, déantar an toradh as an scrúdú ar fad a ghrádú as 240 marc agus is léir gur mhór an cuidiú do chainteoirí dúchais a líofacht i scrúdú cainte.

Cé gur údar díomá ag Tóibín a laghad scoileanna a chuireann an rogha ar fáil, dúirt sé nach gceapann sé go mbeadh sé ceart ag múinteoirí a ndaltaí féin a mheasúnú.

“Ba cheart go mbeadh an rogha ag gach dalta an scrúdú béil Gaeilge don Teastas Sóisearach a dhéanamh. Tá an córas atá ann faoi láthair míchothrom do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon agus ní féidir leanúint leis,” a dúirt sé.

Thug ceardchumann an ASTI treoir do mhúinteoirí anuraidh gan cabhrú “with any student” atá ag iarraidh an scrúdú cainte a dhéanamh don Teastas Sóisearach.

Chuir an treoir sin ón gceardchumann cosc ar mhúinteoirí measúnú a dhéanamh ar aon dalta do scrúdú cainte na Gaeilge nó scrúduithe cainte eile an Teastais Shóisearaigh, agus bhí an treoir sin i bhfad níos déine ná aon treoir a tugadh roimhe seo maidir le ceist na mbéaltrialacha.

De réir na treorach, níl sé ceadmhach do bhaill an cheardchumainn “to make, facilitate or cooperate with any arrangements for any student to participate in the optional oral examinations in Gaeilge and/or modern languages for the Junior Certificate”.

Deir an ASTI go bhfuil an cosc bunaithe ar “the principle that the state-certified examination system should be objective, valid and equitable for all students”.

Thug Coláiste Pobail Rath Chairn le fios do Tuairisc.ie go bhfuil an rogha ar fáil sa scoil sin scrúdú béil sa Ghaeilge a dhéanamh don Teastas Sóisearach. Tá scoileanna eile, áfach, sa cheantar máguaird, nach bhfuil an rogha ar fáil iontu.