Béaldath buan gan stró

Téann ár gcomhfhreagraí sa tóir ar bhéaldathanna a mhairfidh oíche agus lá

Lips

Is iomaí bean gur bhreá léi béaldath deas a aimsiú a mhairfeadh ar feadh an lae nó na hoíche ach níl sé éasca teacht ar a leithéid.

Measaim féin gur cinnte go bhfuil sé tábhachtach an táirge ceart a roghnú ach go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna na liopaí a ullmhú go maith le go mbainfear fad as an mbéaldath sin.

Feicfidh tú gur faide a mhaireann an dath ar do liopaí má tá siad deas maoth agus hiodráitithe mar is ceart agat le neart uisce iontu. Uisce a ól an bealach is fearr le sin a dhéanamh. Is ceart iad a sciúradh go maith ansin lena nglanadh agus is féidir aon cheann d’iliomad táirgí tráchtála a úsáid don chúram seo. Go deimhin is féidir ábhar sciúrtha de do chuid féin a dhéanamh le meascán de shiúcra agus mil nó ola olóige.  Beidh tú ag iarraidh aon chraiceann tirim nó briosc a bhogadh leis an iarracht seo agus do liopaí a fhágáil deas bog.

Feictear dom féin go bhfuil sé an-tábhachtach ansin balsam béil deas a chuir ort féin le liopaí boga a chinntiú. Taitníonn Nuxe Reve de Miel go mór liom féin agus tá fáil réasúnta forleathan air anois. Ba cheart é a chuimilt isteach go maith sna liopaí go rialta ach caithfidh sé a bheith súite isteach go maith sula gcuireann tú an béaldath ort; mura ndéanann tú sin tá an baol ann nach ngreamóidh an béaldath mar is ceart do na liopaí.

Maidir leis an mbéaldath féin, le fírinne is deacair ceann a fháil nach dtriomóidh do chuid liopaí. Caithfidh tú dath neamhlonrach a roghnú – ní féidir ceann uachtarúil nó ceann le loinnir a fháil a mhairfidh níos faide ná cúpla uair an chloig nó nach mbeidh imithe nuair a bheidh an chéad ghreim ite agat.

Is faide a mhaireann béaldathanna neamhlonracha – cinn thraidisiúnta dhorcha – ná aon cheann eile mar gur mó lí atá iontu.

Is fiú freisin smaoineamh ar phionsail liopaí a úsáid ar na beola ar fad mar mhalairt ar bhéaldath traidisiúnta. Tá cinn an-deas go deo le fail ó MAC agus Charlotte Tilbury ach tá réimse nua acu seolta le gairid ag Penneys faoin mbranda PS…Love  le dathanna dearga, dath nocht agus dath na gcaor. Tá siad thar cionn ar fad agus an-réasúnta go deo.

Tá úsáid á baint agam le tamall maith anuas as pionsail liopaí Nars Velvet Matte; is meascán é idir pionsail traidisiúnta agus gnáth-bhéaldath agus maireann sé go deo! Tá dhá dhearg éagsúla agam – Cruella agus Red Square agus ceann ar dhath na gcaor ar a dtugtar Damned. Maireann siad ar feadh an lae ar fad agus is cuma céard a itheann nó a ólann tú! Tá fadhb amháin leo – cosnaíonn siad €26 an ceann ach geallaim duit gur margadh iad i ndeireadh na lae. Tá siad á n-úsáid agamsa le breis agus dhá bhliain agus níl siad leathchaite fós ná baol air.

Tá nós nua tagtha chun cinn le gairid i dtionscal na mbéaldathanna a bhuíochas don réalta cáiliúil Kylie Jenner – béaldathanna ar leacht iad. Breathnaíonn siad ar nós loinnir liopaí agus tú á gcur ort mar leacht ach triomaíonn siad go hiomlán mar a bheadh béaldath neamhlonrach ann agus maireann siad ar feadh i bhfad ar do bheola.

Tá triail bainte agam féin as samplaí díobh agus seo iad na cinn is mó a thaitin liom:

Everlasting Liquid Lipstick – Kat Von D – Rogha bhreá dathanna acu ach deacair iad a fháil sa tír seo. Tá fáil éasca orthu i Meiriceá i siopaí Sephora agus anois ar líne trí Roses Beauty Store a chuireann táirgí Meiriceánacha ar fáil anseo.

Velour Liquid Lipstick – Jeffree Star Cosmetics  Tá siad seo iontach ach cuirfidh cuid de na dathanna iontas ort – bán, dubh, gorm, glas agus mar sin de. Ach tá dathanna traidisiúnta aige freisin. Más béaldath atá uait a mhairfidh ar feadh an lae níl a sárú seo le fáil.  Bhí orm féin glantóir don smideadh súl a úsáid uair amháin lena bhaint díom! Tá siad ar fáil ar líne ó Beautylish nó Roses Beauty Store.

Jouer Cosmetics Long-Wear Lip Crème Liquid Lipstick – Seo iad na cinn is fearr ar fad liom. Tá rogha 16 dath acu a mhairfidh an lá/oíche ar fad le dathanna nochta ina measc. Dulce de Leche an ceann is deise liom féin. Tá siad ar fáil ar £14 ó Cult Beauty

Fág freagra ar 'Béaldath buan gan stró'