Beagnach €720,000 fógartha do Scéim na gCúntóirí Teanga

Scéim na gCúntóirí Teanga mall ag tosú i mbliana ach é fógartha inniu ag Aire na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil €718,578 ceadaithe aige don scoilbhliain 2016/17

Beagnach €720,000 fógartha do Scéim na gCúntóirí Teanga

D’fhógair Aire na Gaeltachta Seán Kyne inniu go bhfuil €718,578 ceadaithe aige do Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2016/17.

Is le Muintearas Teo. agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne a n-íocfar an maoiniú seo.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur cuireadh moill le Scéim na gCúntóirí Teanga a thosú toisc go rabhthas ag fanacht ar scéal faoin maoiniú a bheith ceadaithe. De bharr na moille sin, níl tús curtha fós le reáchtáil na scéime atá in ainm is tosú nuair a fhilleann na scoileanna i ndiaidh bhriseadh an tsamhraidh.

Dúirt an tAire Kyne gur chéim “suntasach” a bhí i bhfógra an lae inniu maidir le feidhm a thabhairt don Chlár Tacaíochta Teaghlaigh.

“Nuair a seoladh an Clár sin i mí Aibreáin 2012, tagraíodh don tábhacht a bhí le cur chuige leasaithe chun tacú go praiticiúil le teaghlaigh Ghaeltachta a bhfuil a bpáistí á dtógáil acu le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Mar gheall ar an chúnamh atá á fhógairt inniu, beidh ar chumas an dá eagraíocht a riarann Scéim na gCúntóirí Teanga leanúint orthu ag tacú go gníomhach le caomhnú agus le neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Stáit gur “cúis sásaimh” dó go bhfuil a Roinn “tar éis cur leis an scéim seo le blianta beaga anuas”.

“Nuair a cuireadh tús leis an scéim, bhí na cúntóirí ag díriú ar dhaltaí nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu ach anois cuidítear freisin le daltaí a bhfuil an teanga acu ón chliabhán chun a gcumas Gaeilge a shaibhriú.

“Imríonn an scéim tionchar dearfach ar nósmhaireacht teanga na ndaltaí agus cinntíonn sí go mbíonn an Ghaeilge in úsáid mar ghnáth-theanga chumarsáide, ní hamháin sa seomra ranga ach i gclós na scoile chomh maith,” a dúirt an tAire Stáit.

 

Fág freagra ar 'Beagnach €720,000 fógartha do Scéim na gCúntóirí Teanga'