Beagnach €2m ceadaithe ag an Aire Tithíochta Simon Coveney do Thearmann Éanna i gConamara

Is mar chuid de phlean rialtais le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta atá an t-airgead á bhronnadh ar an eagraíocht Ghaeltachta chun ocht gcinn de thithe sóisialta a thógáil i Ros an Mhíl

Beagnach €2m ceadaithe ag an Aire Tithíochta Simon Coveney do Thearmann Éanna i gConamara

Pictiúr: Rollingnews.ie

Tá €1.75 milliún ceadaithe ag an Aire Tithíochta Simon Coveney do Thearmann Éanna Teo le hocht dteach a thógáil i Ros an Mhíl i gConamara.

Is mar chuid de phlean an Rialtais le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta atá an t-airgead á bhronnadh ar an eagraíocht Ghaeltachta a chuireann tithíocht ar fáil do mhuintir Chonamara Theas atá amach sna blianta.

Tá 32 teach sóisialta ag Tearmann Éanna Teo in ionaid éagsúla i nGaeltacht na Gaillimhe.

Chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, fáilte roimh fhógra an deontais do na tithe sóisialta nua a thógfar i Ros an Mhíl.

“Tá a dhintiúir cruthaithe ag Tearmann Éanna i soláthar tithe ar ardchaighdeán i nGaillimh agus tá an-áthas orm gur chuir an tAire Tithíochta Simon Coveney maoiniú suntasach ar fáil don eagraíocht,” a dúirt sé.

Tá sé mar aidhm ag Tearmann Éanna freastal ar an nganntanas tithíochta i gConamara, tithe a chur ar fáil dóibh ina dtír dhúchais d’eisimircigh atá ag maireachtáil ‘ar an imeall’ i dtíortha eile ar fud an domhain, agus tithe a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge ó áiteanna eile ar fud na hÉireann ar mhian leo lonnú i gConamara.

Tá sé mar sprioc ag an eagraíocht, ina plean straitéiseach a seoladh dhá bhliain ó shin, líon na dtithe sóisialta a chuireann siad ar fáil a ardú ó 32 go 64, agus an mhian atá acu, a deir siad, ná go mbeadh Conamara “ar an áit is fearr ar domhan le dul in aois ann”.

Fág freagra ar 'Beagnach €2m ceadaithe ag an Aire Tithíochta Simon Coveney do Thearmann Éanna i gConamara'