Beagnach 200,000 duine a d’fhéach ar bhua Chúige Chonnacht ar TG4

Cé nár bhain an beochraoladh áit i measc na ndeich gclár is mó lucht féachana riamh ar TG4, bhí lucht bainistíochta an stáisiúin thar a bheith sásta leis na figiúirí

Guinness PRO12 Final, BT Murrayfield, Edinburgh, Scotland 28/5/2016 Connacht vs Leinster Connacht’s John Muldoon lift the Guinness Pro12 Trophy Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan
Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan

D’fhéach duine as cúigear a bhí os comhair teilifíse in Éirinn ag an am, (21%) ar chlúdach TG4 ar bhua stairiúil Chúige Chonnacht tráthnóna Dé Sathairn.

Bhuaigh foireann an iarthair an tsraith PRO12 den chéad uair ag an deireadh seachtaine nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chúige Laighean i nDún Éideann.

Ós cluiche ceannais uile-Éireannach a bhí ann, ba mhó an t-éileamh a bhí ag an bpobal sa tír seo ar an gcoimhlint agus léiríodh é sin sna figiúirí féachana.

De réir na dtorthaí TAM ó Nielsen, an míosúr oifigiúil, d’fhéach 496,000 duine ar an stáisiún am éigin le linn an bheochraolta agus bhí 187,000 ar an meán ag breathnú ar an gcluiche ó thús go deireadh na himeartha.

raibh na figiúirí sin sách ard chun áit a bhaint amach i measc na ndeich gclár is mó lucht féachana riamh ar TG4 ach bhí an cluiche á chraoladh ar Sky Sports chomh maith, agus, mar sin, ní raibh clúdach eisiach ag TG4 sa tír seo.

Bhí Ardstiúrthóir an chainéil, Pól Ó Gallchóir, an-sásta leis an gclúdach.

“Bhí a fhios againn go mbeadh an-éileamh ag an bpobal féachana teilifíse ar ár mbeochraoladh saor go haer seo againn as Murrayfield, ach is iontach ar fad a chruthúnas a fheiceáil sna  torthaí ó TAM Ireland.   

“Bhí ócáid ar leith ann – dhá fhoireann ón tír seo i gcluiche ceannais mórchomórtais idirnáisiúnta a bhí á imirt thar sáile, aistear fada costasach curtha díobh ag an lucht leanta, paisean ar leith na gConnachtach, idir imreoirí agus eile, aimsir álainn agus toradh stairiúil. Chuir focla Gaeilge Phat Lam ag an deireadh, an dlaoi mhullaigh ar an ócáid ó thaobh TG4 de agus is leor sin mar mholadh,” a dúirt Pól Ó Gallchóir.

Fág freagra ar 'Beagnach 200,000 duine a d’fhéach ar bhua Chúige Chonnacht ar TG4'