Beagán den loinnir bainte de chluiche ceannais an chontae ach draíocht fós ann

Nuair a bhí ár gcolúnaí ina bhuachaill óg bhain draíocht le teacht isteach go dtí an chathair chun féachaint ar Christy Ring agus laochra eile na linne

Beagán den loinnir bainte de chluiche ceannais an chontae ach draíocht fós ann

Na laethanta seo is ar na comórtais chlub atá an bhéim ar fad agus tine ar a gcraiceann ag daoine ag iarraidh na craobhacha a imirt in am do na comórtais chúige.

Bhí tráth ann nuair a ghlaoití ‘Craobh na hÉireann beag’ ar chraobh Chorcaí. Faraor is fada uainn na laethanta sin agus lucht iománaíochta an chontae in ísle brí le tamall anois.

Is cuimhin liom freastal ar chluichí  i dtosach na seascaidí agus ba mhinic níos mó ná fiche míle duine ag na cluichí céanna. Is cuimhin liom freisin a bheith ag féachaint ar Christy Ring ag deireadh a ré agus é fós an-dainséarach agus breis agus 46 bliain curtha de aige.

Bhíos i láthair nuair a d’ardaigh sé Corn Sheáin Óig Uí Mhurchú i 1964 mar chaptaen ar Fhánaithe an Ghleanna agus é in aois a daichead a ceathair. D’imir sé leo go dtí 1967. 

Mar bhuachaill óg ón tuath bhain draíocht le teacht isteach go dtí an chathair chun cluiche i gcraobh an chontae a fheiceáil, is cuma cé a bhí ag imirt. Ach nuair a bhíodh Christy Ring ag imirt le Fánaithe an Ghleanna chuir sé go mór leis an ócáid agus leis an slua.

D’imríos féin mo chéad chluiche sa chraobh shinsir i 1977 i gcoinne chlub an Rinnigh. Bhí sé ina roghnóir leo an lá céanna. Bhí an ‘seanPháirc’ lán go béal an Domhnach céanna agus slua nach mór  daichead míle duine ann.

An lá áirithe sin, bhíomar rómhaith don Ghleann agus cheapas go rabhas i mo laoch ceart ag teacht den pháirc an lá sin, mo chéad bhonn sinsir buaite agam agus an Gleann curtha de dhroim seoil ag Cumann Bharra Naofa.

Ba mhór an t-éacht é sin ag an am sin, agus is dócha go bhfuil sé amhlaidh fós.

Dar ndóigh tá lagsprid de shórt éigin ar iománaíocht Chorcaí i láthair na huaire agus, ar an iomlán, is i laghad atá na sluaite a théann chuig cluichí ag dul le tamall de bhlianta anois.

Amárach beidh craobh 2016 ar siúl i bPáirc Uí Rinn idir seaimpíní 2016, Fánaithe an Ghleanna agus Rogha Éireann ó cheantar an Ghleanntáin, sráidbhaile atá suite ar imeall na cathrach in aice le Gleann Maghair.

Níl aon dabht ach go mbeidh dianchoimhlint ann. Níl an chraobh seo buaite ag Rogha Éireann ó bhuadar dhá chraobh i ndiaidh a chéile in 2006/07. Dar ndóigh, bhí an laoch Brian Corcoran ag imirt leo an uair sin.

Ní raibh súil go mbeidís sa chluiche ceannais i mbliana ach tá siad ann agus foireann mhór fhisiciúil acu, ar a bhfuil meascán maith den sean agus óg. An uair dheireanach ar bhuaigh Corcaigh craobh shinsir na hÉireann in 2005 tháinig Kieran ‘Hero’ Murphy isteach mar ionadaí.

Beidh sé ag imirt amárach in éineacht lena dheartháir Eoghan (‘Bear’) agus tríocha bliain curtha díobh go maith acu.

Beidh Shane Murphy (atá os cionn tríocha bliain freisin) ag uimhir a sé agus é go hiontach go dtí seo i mbliana. Ach tá imreoirí láidre sciliúla óga acu ar fud na páirce a thabharfaidh an-chluiche don Ghleann.

Dar ndóigh tá a laochra féin ag foireann na cathrach. Beidh Patrick Horgan i measc na dtosaithe agus a chomhghleacaí idirchontae Stephen McDonnell i measc na gcúl. Ach is é an t-iar-imreoir contae Graham Callinan ceannaire na foirne.

Ach an oiread leis an bhfreasúra, tá chuid maith imreoirí cumasacha acu agus le dhá bhliain anuas tá an-spiorad léirithe ag imreoirí thuaisceart na cathrach.

Ní mórán idir na foirne seo. Tá níos mó taithí ag an nGleann agus b’fhéidir go seasfadh sé sin dóibh ag an deireadh.

Fág freagra ar 'Beagán den loinnir bainte de chluiche ceannais an chontae ach draíocht fós ann'