Beag seans go bhfeicfear polasaí oideachais don Ghaeltacht roimh thús na scoilbhliana nua

‘Tá sé ródhéanach sa bhliain agus ní fhéadfaí é a bhrú chun cinn,’ a deir Príomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin

Muireann Ní Mhóráin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá ráite ag Príomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin nach bhfuil mórán dóchais aici go bhfoilseofar polasaí oideachais nua don Ghaeltacht roimh thús na scoilbhliana 2016/17.

Ag labhairt di ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh inniu, dúirt Ní Mhóráin go raibh dóchas ann ag tús na bliana seo go bhfeicfí an polasaí roimh an olltoghchán.

“Foilsíodh na moltaí beagnach bliain ó shin, gealladh go bhfoilseofaí an polasaí roimh dheireadh na bliana seo caite, ansin gealladh gur i mí Eanáir a d’fheicfimis é, agus ansin dúradh gur i mí Feabhra a d’fheicfimis é. Táimid anois i mí an Mhárta agus níor foilsíodh fós é.

“Bhíomar dóchasach go mbeadh an polasaí nua i bhfeidhm don scoilbhliain 2016/17. Is dócha nach dtarlóidh sé anois, tá sé ródhéanach sa bhliain agus ní fhéadfaí é a bhrú chun cinn,” a dúirt Ní Mhóráin.

Ba i mí na Bealtaine seo caite a d’fhoilsigh an tAire Oideachais Jan O’Sullivan moltaí oideachais don Ghaeltacht a thugann aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn “go hiomlán trí mheán na Gaeilge” agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor i wraith na naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar ann freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc i mBéarla tosú ag teagasc trí Ghaeilge.

Baineann ceann de na moltaí is conspóidí a dhéantar sa dréachtpholasaí leis an éileamh ar theagasc i mBéarla sa Ghaeltacht.

Sa chás go mbeadh “mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagasc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí” moltar sa dréachtpholasaí gur cheart féachaint ar scoileanna ‘Béarla’  a sholáthar má bhíonn an t-éileamh ar a leithéid “sách mór”.

Dúirt Ní Mhóráin inniu nár luadh an t-éileamh sin ar chor ar bith nuair a pléadh na moltaí nua i ndiaidh a bhfoilsithe.

Tugadh le fios ag díospóireacht oscailte a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair i gceannáras na Roinne Oideachais go gcuirfí bailchríoch ar an bpolasaí nua Gaeltachta roimh dheireadh na bliana 2015 agus go bhfoilseofaí go luath i 2016 é.

Tháinig sé chun solais ar ‘Bileog’ an Irish Times i mí na Nollag go ndearna rialtas Garret Fitzgerald cinneadh i 1985 neamhaird a thabhairt ar mholtaí radacacha don oideachas sa Ghaeltacht, cuid acu a bhí cosúil leis na moltaí sa dréachtpholasaí nua.

Ghlac an rialtas cinneadh an uair sin tuarascáil ar chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht a fhoilsiú, ach léirígh meamram rúnda rialtais a scaoileadh faoin ‘riail 30 bliain’ nach raibh sé i gceist riamh go gcuirfí na moltaí a bhí sa tuarascáil i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Beag seans go bhfeicfear polasaí oideachais don Ghaeltacht roimh thús na scoilbhliana nua'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Arís, má tá oideachas trí Bhéarla uait, go agus déan cónaí taobh amuigh den Ghaeltacht.

    Brendan Howlin agus Jan O’Sullivan, beirt bhall de pháirtí an Lucht Oibre – agus cá huair ariamh a thug an páirtí seo agus na sóisialaithe tacaíocht agus comhionannas don Ghaeilg…??