‘Beag ciall le córas pleanála teanga gan barántas Stáit faoi sheirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht’ – Coimisinéir

An Bille le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a leasú ‘easnamhach’, a deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ina chéad Thuarscáil Bhliantúil

angaeltacht1

Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ina Thuarscáil Bhliantúil 2014 go bhfuil ceannteidil an Bhille le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a leasú “easnamhach” agus “nach dtéann siad i ngleic mar ba chóir leis na deacrachtaí atá aitheanta” san Acht reatha.

Sa tuarascáil a fhoilseofar ar maidin, deir an Coimisinéir “nach raibh aon chiall leis go mbeadh an Stát ag leagan dualgais ar na pobail Ghaeltachta pleananna teanga a ullmhú” dá gceantair féin ag an am céanna go mbeadh an Stát “ag diúltú aitheantas a thabhairt dá gcuid freagrachtaí reachtúla féin”.

D’éiligh sé arís go gcuirfí san áireamh agus an tAcht á leasú gur baill foirne le Gaeilge a lonnófaí sa Ghaeltacht agus a chuirfí ag plé le pobal na Gaeltachta.

Níl an bille féin leis an Acht Teanga a leasú foilsithe fós ag an Rialtas.

 

 

 

Fág freagra ar '‘Beag ciall le córas pleanála teanga gan barántas Stáit faoi sheirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht’ – Coimisinéir'