‘Beag an difríocht idir an DUP agus Fine Gael maidir le cúrsaí Gaeilge’ — míshástacht faoi easpa cruinnithe leis an Taoiseach

Dúirt an Seanadóir Gaeltachta Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil an t-amhras céanna ar phobal na Gaeilge faoin dá pháirtí maidir lena ndearcadh i leith na teanga

‘Beag an difríocht idir an DUP agus Fine Gael maidir le cúrsaí Gaeilge’ — míshástacht faoi easpa cruinnithe leis an Taoiseach

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Is beag difríocht atá idir an DUP agus Fine Gael maidir lena ndearcadh i leith na Gaeilge, dar leis an Seanadóir Gaeltachta Trevor Ó Clocharthaigh.

Ag tagairt dó don tsraith cruinnithe a bhí ag ceannaire an DUP Arlene Foster le grúpaí Gaeilge an tseachtain seo caite, dúirt Ó Clochtaraigh le Tuairisc.ie go bhfeictear dó go bhfuil “an t-amhras céanna” ar phobal na Gaeilge maidir le dearcadh an pháirtí aontachtaigh i leith na teanga is atá orthu maidir le dearcadh Fhine Gael.

“Is beag difríocht atá idir an dá dhream, dáiríre, maidir lena ndearcadh agus a gcur chuige i leith na Gaeilge. Beart de réir briathair an rud is tábhachtaí agus cé go raibh ‘cruinniú dearfach’ ag Arlene Foster le grúpaí Gaeilge an tseachtain seo caite, níl a fhios againn céard a thiocfaidh as cruinniú mar sin.

“Tá súil agam go dtiocfaidh athrú meoin ar an DUP maidir leis an nGaeilge. Ach tá an t-amhras céanna ar phobal na Gaeilge faoi Fhine Gael. Níl beart á dhéanamh de réir briathair, tá easpa acmhainní ar fáil agus níl na rannóga stáit ag comhoibriú ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla de,” a dúirt sé.

Dúirt sé cé gur chaith pobal na Gaeilge tamall fada ag fanacht ar chruinniú leis an DUP lena n-éilimh agus lena n-imní a phlé, ach go bhfuil sé “náireach” nach bhfuil an Taoiseach sásta teacht os comhair Choiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé leo.

“Is beag difríocht atá eatarthu [An DUP agus Fine Gael] maidir leis an nGaeilge. Tá muid ag súil go mór go dtiocfaidh sé os ár gcomhair ach tá muid ag fanacht le fada anois. Cé go bhfuil dul chun cinn éigin á dhéanamh anois maidir leis an bpolasaí oideachais don Ghaeltacht, tá neamhaird á déanamh ag na hAirí ar fad ar a ndualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla,” a dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin.

Dúirt ball eile de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil sé níos éasca ar Chonradh na Gaeilge cruinniú a eagrú le ceannaire an DUP ná mar atá sé cruinniú a shocrú leis an Taoiseach.

Dúirt Ó Cuív freisin gur cheart dtiocfadh an Taoiseach, atá ina chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Rialtais atá ag breathnú i ndiaidh chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain, os comhair an choiste Oireachtais atá ag breathnú i ndiaidh na Gaeilge agus na Gaeltachta ach nach bhfuil aon iontas air féin nár tháinig Enda Kenny os comhair an choiste sin. Tuairiscítear go bhfuil ceithre chuireadh faighte ag an Taoiseach teacht i láthair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

“Níl an Taoiseach sásta teacht isteach ag an gCoiste Oireachtas atá ag iarraidh rudaí a bhaineann lena chuid cúraimí a phlé agus tá cuid mhaith de na hÁirí eile freisin ar an gcaoi chéanna. Ba cheart go mbeadh iontas orm ach, dáiríre, níl.

“Is masla don Choiste agus don Dáil a chuir an Coiste ar bun nach bhfuil sé tagtha isteach fós,” a dúirt Éamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt sé freisin, áfach, gur chóir “a cheart a thabhairt” don Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, maidir leis an obair atá á déanamh aige le cúpla mí anuas ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla.

“Tá an Roinn agus an tAire Stáit, Seán [Kyne], ag déanamh dul chun cinn maidir leis sin agus caithfear a gceart a thabhairt dóibh. Tá rudaí ag bogadh ar aghaidh go deas,” a dúirt sé.

Dúirt Julian de Spáinn, duine de thoscaireacht Chonradh na Gaeilge a chas le Arlene Foster agus baill eile den DUP an tseachtain seo caite, go bhfuil cruinniú á lorg ag an eagraíocht teanga leis an Taoiseach le beagnach bliain anuas.

“Táimid ag lorg cruinniú le Enda Kenny faoi láthair, agus tá teagmháil déanta againn lena oifig ar a laghad trí huaire ón 6 Meitheamh 2016. Níl aon fhreagra fiúntach faighte againn fós, agus ní léir go bhfuil aon iarrachtaí ar bun ag a oifig cruinniú a sceidealú.

“An t-aon rud atá faighte againn ná deimhniú go bhfuarthas an comhfhreagras uainn, nó nóta le rá go bhfuil an comhfhreagras sin curtha ar aghaidh ag duine éigin eile. Tá sé an-deacair orainn cruinniú a fháil leis an Taoiseach,” a dúirt sé.

Lorg Conradh na Gaeilge cruinnithe le ceannairí na bpáirtithe móra uilig ó thuaidh roimh thoghchán Stormont na bliana seo. Chas ionadaithe ón eagraíocht teanga le ceannairí cúig pháirtí le linn an fheachtais toghcháin i mí Feabhra agus chas ceannaire an DUP, Arlene Foster, agus an t-iarAire Cultúir, Edwin Poots, leis an gConradh an tseachtain seo caite.

Dúirt de Spáinn go mbíonn an Conradh “i gcónaí dearfach” gur féidir cruinnithe a shocrú le polaiteoirí ach go bhfuil sé “an-deacair” ceann a fháil leis an Taoiseach. D’iarr an Conradh “crúinniú práinne” leis an Taoiseach an mhí seo caite le torthaí Dhaonáireamh 2016 maidir leis an nGaeilge a phlé.

Fág freagra ar '‘Beag an difríocht idir an DUP agus Fine Gael maidir le cúrsaí Gaeilge’ — míshástacht faoi easpa cruinnithe leis an Taoiseach'

  • Mánus

    Nach rialtas FF FG atá againn dáiríre? Cén fáth nach dtógann an Teachta O Cuív seasamh ar son na Gaeilge? Cén fáth go bhfágtar faoi SF an teanga a chosaint? Ní bheidh aon athrú más FFSF an chéad rialtas eile mura ag teachta SF a bheidh aireacht na Gaeilge

  • Séan

    Ba mhaith le FF a bheith i gcumhacht tar éis an chéad toghchán eile agus mar gheall air sin ní dhéanfaidh siad rud ar bith ar son ar rialtais seo.

  • Peait

    Ar a laghad tá éifeacht eigin leis na feachtasóirí ó thuaidh. Ní bheidh siad sásta luí ar na maidí ach sá leo ar aghaidh nó go mbeidh toradh acu. Géillfidh Foster má choinníonn siad orthu, agus coinneoidh mar tá miotal ós meán sna tuaisceartaigh sin.

  • Niall

    Is oth liom a rá go bhfuil ceart ag Seanadóir Ó Clocharthaigh sa cás seo