Bata agus bóthar tugtha do Mourinho ach cá ndeachaigh sé ar strae?

Den dara huair, tá deireadh tagtha le ré Jose Mourinho i gceannas ar Chelsea. I séasúr deacair, achrannach, breathnaíonn Tuairisc.ie ar cén áit a ndeachaigh rudaí amú don Phortaingéalach

Mourinho

Ar an Déardaoin, díreach i ndiaidh lón na Nollag d’fhoireann Chelsea, tugadh bata agus bóthar do Jose Mourinho. Tá go leor ráite aige go dtí seo faoi cé chomh dona agus a bhí séasúr Chelsea agus, mar sin, níor chuir sé iontas ar mhórán gur scaoileadh le bainisteoir a raibh an Phríomhroinn buaite aige sé mhí roimhe seo.

Ciallaíonn cinneadh Roman Abramovich nach bhfuil níos mó trí shéasúr caite ag Mourinho le haon chlub. Is é an dearcadh a bhíonn ag Mourinho i gcónaí go bhfuil an saol uile ina aghaidh agus a fhoireann, is cuma má fíor nó nach bhfuil. Níor oibrigh an meon aigne sin ar chor ar bith dó i mbliana agus rudaí ag dul in olcas don séasúr uile.

Gnó an tsamhraidh

Jose Mourinho manager of Chelsea appeals 2/1/2006Fiú sula ndeachaigh Chelsea chun páirce an séasúr seo, bhí fadhbanna ag Mourinho. D’éirigh le Chelsea breis agus €90M a chaitheamh ar imreoirí i rith an tsamhraidh gan an foireann a dhéanamh tada níos láidre. Bhí Mourinho ag iarraidh an cosantóir óg John Stones a thabhairt isteach ach nuair nár éirigh leis, ba é Papy Djilobodji a tháinig ina áit, fear a d’admhaigh Mourinho nach raibh sé feicthe riamh aige ag imirt.

Ba bhotún é chomh maith Radamel Falcao a thabhairt isteach. Theip air go hiomlán ag Manchester Utd anuraidh agus ní raibh sé riamh chun áit Diego Costa a líonadh, fiú agus Costa ag imirt go dona. Is é Pedro an t-imreoir is costasaí a cheannaigh Chelsea i mbliana agus cé go bhfuil ag éirí réasúnta maith leis, ní tosach amach agus amach é agus níl ach cúl amháin faighte aige sa Phríomhroinn go fóill.

I gcomparáid leis sin, chaith Manchester City €200M agus chaith Manchester Utd€140M agus cé nach bhfuil siad sin i mbarr a maitheasa ach an oiread, is cinnte gur chuir imreoirí ar nós Kevin de Bruyne, Raheem Sterling, Anthony Martial agus Memphis Depay le caighdeán na bhfoirne sin.

Cás Carneiro

Jose Mourinho reacts to a question 8/9/2006Bhí frustrachas Mourinho le feiceáil chomh luath leis an gcéad cluiche den séasúr. Nuair a fuair Swansea cúl deireanach sa chluiche chun comhscór a bhaint amach, chur Mourinho an milleán uile ar a fhoireann leighis, Eva Carneiro agus Jon Fearn, a chuaigh amach ar an bpáirc le freastal ar Edin Hazard. Cé nach raibh an bheirt ach ag déanamh a gcuid oibre, chuir Mourinho an ruaig orthu ón gcéad fhoireann agus d’fhág Carneiro an club sa deireadh.

Bhí soiléir go maith go raibh Mourinho imithe thar fóir ach níor ghéill sé riamh. Dhéanfaí dearmad ar an eachtra uile dá mbeadh ag éirí go maith le Chelsea ar an bpáirc ach is measa atá cúrsaí ag dul ó shin.

Geataí Stamford Bridge fágtha oscailte

Roman Abramovich 18/7/2003Agus ocht gcluiche imeartha ag Chelsea sa bhaile sa Phríomhroinn i mbliana, tá ceithre cinn acu caillte ag foireann Mourinho. Tá ort dul siar 20 bliain chun an uair dheireanach a chaill Chelsea níos mó cluichí i Stamford Bridge i séasúr uile ná an méid sin a aimsiú.

Sa chéad seal a chaith Mourinho ag Chelsea, níor chaill sé oiread is cluiche baile amháin sa tsraith ach i mbliana, tá buanna faighte ag Crystal Palace, Southampton, Liverpool agus Bournemouth i Stamford Bridge. Cé go raibh tacaíocht an tslua fós ag Mourinho, ba é Abramovich an fear ba thábhachtaí sna hardáin agus ní mó ná sásta a bhí seisean leis na torthaí úd.

‘Fealladh’ a chuid imreoirí

JosÈ MourinhoDíreach i ndiaidh an chailliúint is déanaí in aghaidh Leicester, thug Mourinho agallamh dochreidte do Sky Sports. Ar dtús, thug sé faoi Eden Hazard, a gortaíodh sa chéad leath, Mourinho ag tabhairt le tuiscint nach raibh an Beilgeach chomh gortaithe agus a lig sé air.

Níos measa fós, chuir sé i leith na n-imreoirí go raibh siad tar éis feall a dhéanamh air nuair nár lean siad na treoracha a bhí leagtha amach aige don chluiche. D’fhear a raibh cáil air ó thaobh spiorad láidir a chothú i bhfoireann, is ionsaí amach agus amach ar na himreoirí a bhí anseo.

Dúirt sé freisin gurbh é fhéin ba chúis le bua na Príomhroinne an séasúr seo caite agus nach raibh caighdeán imeartha sách ard ag na himreoirí chun é a bhuachan arís gan a chúnamh seisean. Nuair a chaith Mourinho an bhliain uile ag cur an mhilleáin ar réiteoirí, dochtúirí agus chuile dhuine eile, ba é buille marfach na muice é nuair a thug sé aghaidh ar a chuid imreoirí féin.

Fág freagra ar 'Bata agus bóthar tugtha do Mourinho ach cá ndeachaigh sé ar strae?'