Bás nó beatha don SDLP? Is fearr rith maith ná drochsheasamh dá gceannaire

Tá dianbhrú ar an Dochtúir Alasdair McDonnell éirí as ceannaireacht an SDLP ar mhaithe leis an bpáirtí ach tá an chluas bhodhar á tabhairt aige dóibh

_82896974_alasdairmcdonnellsp

Tá cairde cheannaire an SDLP, Alasdair McDonnell, ag iarraidh cuma na maitheasa a chur ar thoradh an olltoghcháin. Choinnigh an páirtí na trí shuíochán i Westminster agus choinnigh sé féin Béal Feirste Theas cé go raibh sé faoi ionsaí ó dhá thaobh, a deir siad. 

Is fíor sin. Ach níl ansin ach cuid den scéal. Bhí droch-thoghchán ag an SDLP  agus bhí feachtas truamhéalach, mí-éifeachtach ag an gceannaire. Níor ghlac an Dochtúir McDonnell páirt in aon díospóireacht teilifíse agus sheachain sé  na cruinnithe áitiúla ag a raibh deis ag an bpobal iarrthóirí a cheistiú. Bhí na méain shóisialta lán le sioscadh faoin ‘gceannaire  dofheicthe’.

Tubaiste a bheadh i ndán don pháirtí dá leanfaí ar an ealaín sin, dar le hionadaithe eile sa pháirtí, móruaisle an SDLP ón tseanaimsir san áireamh. Chomh luath is a bhí na torthaí fógartha, rinne beirt iar-leascheannaire, Seamus Mallon agus Bríd Rodgers, achainíodh ar McDonnell éirí as an gceannaireacht. Ba cheart dó díriú ar an obair i Westminster, a dúradar, agus ligint  do chomharba mar Theachta i Stormont   agus do cheannaire nua fáil faoi réir le  haghaidh toghchán an Tionóil sa Bhealtaine seo chugainn. Sa tseachtain ina  dhiaidh sin, thacaigh iarcheannaire an pháirtí, an feisire Mark Durkan a chuir  lena vóta i dtoghcheantar an Fheabhail, leis an achainí. Rinne an Teachta Tionóil John Dallat agus an Comhairleoir Claire Hanna  an rud céanna.

Ba é freagra an cheannaire nach raibh sé  toilteanach a chuid oibre a fhágáil leathdhéanta. Atheagrú agus neartú an pháirtí a bhí i gceist aige. Baineadh siar as go leor go raibh sé féin agus dornán an-bheag daoine ag maíomh go raibh ag éirí leis an saothar sin. Ba é an cruthúnas ar dhul chun cinn, a dúradar, gur éirigh le hiarrthóirí nua do thoghchán Westminster stop a chur leis an meath ó bhí meadú an-bheag ar an vóta in iarthar Thír Eoghain agus san Iúr/Ard Mhacha.

Cés moite de Theachta Tionóil a roghnaigh McDonnell do Stormont nuair a d’éirigh fear eile as, níor thainig i gcabhair ar an  gceannaire ach Coiste Stiúrtha an pháirtí, atá faoi anáil McDonnell, dar le lucht a cháinte. D’fhógair siadsan gur thacaigh an Coiste le “forbairt agus treo straitéiseach an pháirtí faoi cheannas Alasdair McDonnell”.

Dúradh go raibh “obair mhór déanta aige chun an páirtí a atheagrú agus agus a  aththógáil” agus go ndéanfaí “a thuilleadh  den saothar sin sna míonna amach romhainn”.

Údar iontais ag tráchtairí ab ea caint ar ‘threo straitéiseach’ ó ‘is í an fhadhb is mó ag an SDLP nach léir cén fhealsúnacht atá aige nó céard lena aghaidh é. Má tá ath-thógáil déanta, ba bheag dá chosúlacht a bhí ar thorthaí an toghcháin. Thit vóta an SDLP  2.6% agus d’éirigh le Alasdair McDonnell a shuíochán a chosaint ar éigean, a bhuíochas do vótaí aontachtacha a bheith scaipthe idir triúr. Ba é an vóta 99,809  – nó 13.9% –  an toradh ba mheasa ariamh ag an SDLP i dtoghchán do Westminster ó sheas an pairtí an chéad uair i mí Feabhra 1974 (scéal thairis é ach fuair siad os cionn 160,000 vóta – 22.4% – an t-am sin).

Léiríonn na figiuirí gur ag dul i laige atá an SDLP le dhá bhliain déag agus ní féidir an milleán a chur ar McDonnell amháin. Bhí an páirtí ag meath ó thaobh eagair i bhfad roimh 2003 nuair a fuair Sinn Féin an ceann is fearr orthu, ach is measa fós é ó shin. Anois, ó thit vóta Shinn Féin freisin  sa toghchán is deireanaí, d’fhéadfadh deis a bheith ag ceannaire nua bríomhar muinín agus misneach a mhúscailt sa SDLP an athuair.

Drochsheans go dtiocfadh biseach ar an bpáirtí agus é á shracadh féin as a chéile. D’fhéadfadh gur bás nó beatha dóibh toghchán na bliana seo chugainn; ní réamhstraiteis mhaith é ceannairc. Bhí eite den phairtí nár fháiltigh roimh McDonnell mar cheannaire ariamh ach ní hiadsan amháin atá ag séideadh na feadóige anois. Ceist eile ar fad é cá bhfuil an té a bhfuil scothábhar ceannaireachta ann/inti, ach tá fuinneamh agus fís de dhíth.

Tá go leor buanna ag Alasdair McDonnell. Seantrodaí tréan é ach níor mhúscail sé a pháirtí. Níor mhiste dá chairde moladh dó gur fearr rith maith ná drochsheasamh.

Fág freagra ar 'Bás nó beatha don SDLP? Is fearr rith maith ná drochsheasamh dá gceannaire'

  • Seán Mag Leannáin

    Bhí Laghdú 1% i vóta SF agus laghdú 2.6% i vóta an SDLP. Thit an vóta náisiúnach (SF agus SDLP le chéile) go 38%. Fuair na hAontachtaithe(DUP agus OUP) 46% den vóta. Fágann sin líon suntasach, 16%, idir an dá champa. Fuair páirtí an Alliance 8.6% den vóta – b’shin ardú 2.2%. Fuair na Tories 1.3%, na Greens 1% agus Eile c.4.5%. De réir dealraimh luíonn an chuid is mó den vóta 16% seo leis an gclann Aontachtach, agus tacaíonn sé leis an anailís go raibh ardú suntasach sa vóta Aontachtach agus/nó laghdú suntasach sa vóta náisiúnach sa toghchán seo.

    Is é is dóichí de gur fhan chuid den vóta náisiúnach ag baile agus go raibh cúpla cúis leis seo. Rinne tráchtaire eile tagairt do na Caitlicigh choimeádacha a bhfuil tuairimí acu ar ceisteanna áirithe moráltachta nach dtugann aon cheann de na páirtithe náisiúnacha tacaíocht dóibh a thuilleadh. Agus is dócha go bhfuil céadtadán beag eile den phobal náisiúnach a bhfuil bá acu leis na heasaontóirí (dissidents) agus nach gcreideann a thuilleadh, má chreid siad riamh, i gcur chuige nua, bealach na síochána, de chuid Shinn Féin.