Bás nó beatha do Pháirtí an Lucht Oibre?

Bás nó beatha do Pháirtí an Lucht Oibre?

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Bás nó beatha?  Leis an toghchán seo cífear cé acu bás nó beatha a bhéas i ndán do Pháirtí an Lucht Oibre. Bíodh an Tánaiste ag fiach i ndiaidh na gealaí nó ná bíodh, tá lá na cinniúna ag teannadh linn agus ní maith iad na comharthaí atá ann don pháirtí i láthair na huaire.

Spreagadh mór dóibh ab ea an phobalbhreith is deireanaí ó Red C a d’fhág ar 10% iad, ach tá an figiúr sin bunaithe ar mheastachán faoi phatrúin vótála mar a bhíodh agus ar mheastachán faoi cé hiad is dóichí a vótálfaidh.

Tá vóta bunúsach de 6% ag an bpáirtí sa phobalbhreith chéanna. Baineann siad 10% amach má chuirtear as an áireamh an fuath glan a léirítear don pháirtí i gceantair lucht oibre agus an deacracht a bhéas acu aistrithe a mhealladh ó iarrthóirí na heite clé sna ceantair sin.

Tá súil ag an bpáirtí nach gcaillfidh siad ach a leath de na suíocháin atá acu faoi láthair, ach i ndáiríre níl aon suíochán cinnte ag an bpáirtí cé nach dócha go scriosfar ar fad iad.

Cheal roghanna eile tá seans maith go gcoinneodh Brendan Howlin a shuíochán siúd, ach ní féidir a bheith a leath chomh cinnte faoi Joan Burton féin, faoi Alex White, Alan Kelly nó fiú faoi Willie Penrose.

Tubaiste a bhéas ann don pháirtí mura mbíonn deich suíochán ar a laghad acu, agus tubaiste uafásach a bheadh ann mura mbeadh níos mó ná sé cinn acu.

Níl aon mhíniú ámh ag an bpáirtí féin ar cén fáth go bhfuil an scéal chomh dona is atá. Ní raibh duine ar bith le cloisteáil ag comhdháil an pháirtí ag an deireadh seachtaine ag cur ceiste faoin gcinneadh dul isteach le Fine Gael.

Cluas bhodhar, mo léan, a thabharfar don chaint dhána sin ó Joan Burton gur fhéach siad le cothrom na Féinne a bhaint amach do na daoine is mó faoi mhíbhuntáiste. Chun an argóint áirithe sin a bhréagnú ní gá ach breathnú ar na ciorraithe a d’fhulaing lucht chumais, na laghduithe pá a cuireadh i bhfeidhm, na táillí uisce, na muirir teaghlaigh, na scuainí sláinte, an ghéarchéim tithíochta is eile.

Agus tá sé beagáinín contráilte a bheith ag maíomh gur páirtnéirí iontacha iad Fine Gael agus ag an am céanna a bheith a rá go gcaithfidh Páirtí an Lucht Oibre a bheith in éineacht leo le srian a chur orthu!

Is deacair a shamhlú mar sin go bhfillfidh Páirtí an Lucht Oibre ar an 32ú Dáil agus neart iontu.

Ach nach cuma? Cén ról atá ag an bpáirtí seo thar a bheith mar eite liobrálach nua-aimseartha de Fhine Gael?

Nuair a bunaíodh an páirtí i 1912, bhí sé ar intinn ag Séamus Ó Conghaile is a chomrádaithe go mbeadh sé ina ghuth polaitiúil do ghluaiseacht na gceardchumann.  Iarsma den dearcadh sin is ea an tacaíocht dhílis a léiríonn uachtarán SIPTU, Jack O’Connor, don pháirtí.

Ach má tá SIPTU is Jack dílis go fóill don pháirtí ní raibh an páirtí dílis dóibhsean le fada an lá.  Is iad na ceardchumainn an dream is láidre atá in aghaidh pholasaithe na déine, fiú má tá O’Connor sásta maithiúnas a thabhairt do Pháirtí an Lucht Oibre as a gcuid faillí.

Ach sin croí na faidhbe, mar níl aon ghuth láidir eagraithe ag an aicme oibre sa gcóras polaitiúil mar atá. Sea, tá seasamh láidir tógtha in aghaidh na déine ag Sinn Féin, agus tá prionsabail an Right2Change ann mar shlat tomhais ag na páirtithe ar an eite chlé go léir, ach is fada uainn aon chomhchlár oibre ag na páirtithe sin – mar is léir ó na hionsaithe leanúnacha a dhéanann Ruth Coppinger, go háirithe, ar Shinn Féin.

An mbeadh na ceardchumainn in ann Páirtí an Lucht Oibre mar atá a athbhunú ina pháirtí don lucht oibre a chloífeadh le spiorad 1912 agus le prionsabail Right2Change na linne seo?

Ar shlí, sin a chaithfear a dhéanamh má theipeann chomh tubaisteach sin ar Pháirtí an Lucht Oibre is atáthar á thuar.

Fir is mná, mar sin, a theastaíonn, fir is mná ó ghluaiseacht an lucht oibre iad eagraithe i gceardchumainn, i gcumainn áitritheoirí, i gcumainn agóide is eile. Beidh rogha acu leis: fanacht ar an imeall nó ‘páirtí na gceardchumann’ a thabhairt ar an saol a d’oibreodh in éineacht leis an ngluaiseacht phoblachtánach, le gluaiseacht an chomhionannais, gluaiseacht na mban, gluaiseacht na Gaeilge agus leis an ngluaiseacht ar son chothrom na Féinne. Bheadh gá le comhchlár oibre a chur chun cinn a beadh mar mhalairt ar an déine, ar an rachmas don mbeagán, ar an easpa dóchais, agus ar thruailliú aidhmeanna 1916.

Ní léir go mbeadh ar chumas Pháirtí an Lucht Oibre páirt a ghlacadh ina leithéid de ghluaiseacht, ach murar féidir an mbeidh siad in ann an bás féin a sheachaint?

Fág freagra ar 'Bás nó beatha do Pháirtí an Lucht Oibre?'