Bás mall pianmhar i ndán d’Fhianna Fáil agus iad á náiriú féin lá i ndiaidh lae…

Bás mall pianmhar atá i ndán d’Fhianna Fáil mura n-athraíonn siad a bpolasaithe, a mbéasa, agus a gceannaire, a deir ár gcolúnaí

Bás mall pianmhar i ndán d’Fhianna Fáil agus iad á náiriú féin lá i ndiaidh lae…

Tá údar náire arís ag Fianna Fáil– agus iad féin is cúis leis arís freisin. Trí mhí ó shin bhain lucht ceannais Fhianna Fáil an bonn de Barry Cowen maidir lena raibh le rá ag a n-urlabhraí faoi tháillí uisce. Anois, tar éis gur bhuail dod iad ar feadh cúpla lá mar gheall ar cheapachán an iar-ard-aighne Máire Whelan mar bhreitheamh sa gCúirt Achomhairc, ghéill Micheál Martin agus a n-urlabhraí dlí Jim O’Callaghan.

Is ar éigean gur ghá do Leo Varadkar  a ghuaillí a chroitheadh.  Ní raibh aird dá laghad aige ar bhaothchaint bhagrach Martin.

Cibé cosaint a bhí ag Martin maidir le Cowen agus na táillí uisce – gur bhrúigh Cowen polasaí chun cinn nach bhféadfaí toghchán a thiomsú mar gheall air –  is é Martin agus a bhuíon dhílis féin a roghnaigh an t-ábhar seo. Agus ba iad a bhagair toghchán mar gheall ar an scéal, bagairt a d’imigh le haer an tsaoil nuair ba léir gur chuma le Fine Gael agus Leo Varadkar fúithi.

Ach is é an rud is spéisiúla faoi seo go léir ná a laghad achrann poiblí atá á chothú ag lucht Fhianna Fáil faoin scéal. An bhfuil siad go léir ina gcodladh?

Ar ndóigh, bhí straitéis taobh thiar den amaidí seo. De réir mar a tháinig Fianna Fáil ar ais ón tubaiste a bhain don pháirtí in 2011, bhí ag éirí níos fearr leo sna pobalbhreitheanna agus iad ag imeacht chun tosaigh ar Fhine Gael freisin. 

Bhí dóchas sách réalaíoch acu go leanfadh fás go dtí go mbeadh na tríochaidí arda acu agus seans dáiríre acu dá bhar rialtas le móramh a bhunú in éineacht le Páirtí an Lucht Oibre, na Glasaigh agus roinnt bheag neamhspleách.

Ach tá stop curtha leis an bhfás sin sna pobalbhreitheanna.  Cineál crandaí bogadaí atá anois againn agus an dá mhórpháirtí in airde air agus iad thuas seal, thíos seal. Ar uairibh bíonn Fianna Fáil chun tosaigh, ach ar uairibh ní bhíonn; agus is cosúil gurbh é an toradh is fearr a d’fheadfaidís a bheith ag súil leis i dtoghchán ná go mbeadh siadsan i gceannas ar rialtas mionlaigh agus tacaíocht Fhine Gael acu.

Ní chreideann aon duine anois, seachas Martin is a bhuíon dhílis, go mbainfidh Fianna Fáil na tríochaidí arda amach ó thaobh leibhéal na tacaíochta acu, agus, de réir mar atá cath le Fine Gael á sheachaint arís is arís eile ag Martin, is i laghad atá meas na vótóirí air ag dul.

Ní hamháin sin, ach tá an chuma ar Fhianna Fáil anois nach dtuigeann siad cén ról ba chóir a bheith acu sa bpolaitíocht.  Tá siad go nimhneach in aghaidh Shinn Féin ar ndóigh, ach céard eile a seasann siad dó?

Tabhair faoi deara chomh maith nach bpléann Micheál Martin straitéis a pháirtí lena ionadaithe tofa, seachas Jim O’Callaghan. Ní húdar iontais é mar sin nach dtuigeann sé i ndáiríre céard atá ag cur isteach ar an ngnáthvótóir.

Caitear an iomad dúthrachta ag déanamh buartha faoina bhfuil ag cur as don Irish Times agus tá an bhearna idir an páirtí agus an pobal ag dul i méad dá bharr.

Níos measa fós, ach tá an chuma ar an bpáirtí anois go mbaineann siad leis an ré atá caite.  Tá ceannaire nua ag Fine Gael, a mhaíonn gur den ghlúin óg é. Beidh ceannaire nua ag Sinn Féin ó dheas i gceann bliana nó mar sin nuair a thiocfaidh Mary Lou McDonald i gcomharbacht ar Gerry Adams (faoi mar a tháinig Michelle O’Neill i gcomharbacht ar Martin McGuinness ó thuaidh). Ach tá an seandream i gceannas i gcónaí ar Fhianna Fáil.

Níl aon smaointe nua acu ná níl aon straitéis nua acu in ainneoin na ndúshlán nua ar fad atá ann – an Breatimeacht, an teorainn, cúrsaí tithíochta, cúrsaí sláinte srl.

An bhfuil duine óg ar bith, duine a mbeadh fís agus aisling aige, ar fáil don pháirtí?  Cé atá ann a bhfuil sé de mhisneach aige nó aici ról nua a fhógairt don pháirtí, ról a dhéanfadh idirdhealú cinnte idir iad féin agus Fine Gael, ról a chinnteodh go mbeadh seasamh ag an bpáirtí arís i measc na haicme oibre in ionad a bheith ag sodar gan stad i ndiaidh na meánaicme.

Déanann lucht cheanncheathrú an pháirtí a ndícheall i gcónaí Dara Calleary, mar shampla, a choinneáil síos agus tá Michael McGrath rófhada amach ar thaobh na láimhe deise chun go ndéanfadh sé an beart. Tá sé deacair smaoineamh ar aon duine óg eile sa bpáirtí a bhfuil taithí fhiúntach ar bith aige nó aici.

Cabhraíonn sé, ar ndóigh, leis an gcóras mí-fheidhmiúil polaitíochta a choinneáil sa tsiúl go bhfuil leisce i gcónaí ar roinnt mhaith vótóirí tacú le Sinn Féin (mar gheall ar oidhreacht an fhoréigin), cé go bhfuil siadsan chun tosaigh i measc daoine atá faoi bhun 35 bliain d’aois – rud a chuirfidh i gcumhacht luath go maith iad.

Ach má tá fás i ndán do Shinn Féin sa bhfadátéarma ní fheicim ach bás mall d’Fhianna Fáil mura n-athraíonn siad a bpolasaithe, a mbéasa, agus a gceannaire!

Fág freagra ar 'Bás mall pianmhar i ndán d’Fhianna Fáil agus iad á náiriú féin lá i ndiaidh lae…'

  • Gerry Sóna

    ????????????

  • moire

    Agus cén t-athrú chun feabhais a thiocfaidh ar an dtír má éiríonn le Sinn Féin an láimh láidir……mo leithscéal ……an láimh in uachtar a fháil? bhí siad san lántsásta na táillí uisce a íoc an chéaduair nó gur bhraith siad treo na gaoithe aniar aduaidh orthu.