Cuma na páirce spraoi ar Amsterdam ag barraíocht turasóirí?

Thug os cionn 17 milliún turasóir cuairt ar Amsterdam anuraidh. Tá muintir na cathrach dubh dóite díobh

Tourists_in_Amsterdam

Tráthnóna Luain in Amsterdam. Cruinniú agam i lár na cathrach. Deifir orm. Tá scaifte turasóirí romham, iad féin agus a gcuid málaí sa chosán orm. Seasaim i leataobh, ar an raon rothar. Ar an bpointe boise, cloisim bean ag eascainí taobh thiar díom, cloigín a rothair á bhualadh go feargach aici.

Cloigíní rothar agus tramanna á mbualadh. Níl gleo níos fearr a dhéanfadh cur síos ar ghearán du jour mhuintir Amsterdam: tá barraíocht turasóirí sa chathair.

Os cionn seacht milliún déag duine a thug cuairt ar phríomhchathair na hÍsiltíre sa bhliain 2014 agus is i méad atá a líon ag dul. Níl lá ar bith nach mbíonn scuainí fada taobh amuigh den Rijksmuseum, an iarsmalann ina bhfuil saothair Rembrandt agus Vermeer ar taispeáint, taobh amuigh de mhusaem Van Gogh agus taobh amuigh den teach inar chaith Anne Frank a laethanta deiridh – ach ní hiad na scuainí sin an fhadhb.

An fhadhb, dar le muintir Amsterdam, ná nuair a théann na turasóirí timpeall ar rothar. 

Ar ndóigh, is furasta dúil na dturasóirí sa rothaíocht a thuiscint. Dlúthchuid den chathair é an rothar agus luíonn sé le réasún go dteastódh ó dhaoine nach bhfuil cleachtadh acu ar a leithéid ceann a fháil ar cíos. Ach – dar le mórchuid mhuintir Amsterdam – fágann sé cuma na páirce spraoi ar an gcathair.

Ceal ábhar gearáin níos tromchúisí, tá plódú na hardchathrach ag turasóirí ina phríomhscéal ar na meáin Ísiltíreacha le roinnt míonna anuas. Aithníonn comhairle cathrach Amsterdam go bhfuil fadhb ann agus cuirfear tús go luath le hiarracht turasóirí a mhealladh amach ó lár plódaithe na cathrach.

Ach ní gach duine in Amsterdam a bhíonn ag clabhsán faoi na cuairteoirí. 

Nuair atá mo chruinniú thart, tugaim cuairt ar chara liom a bhfuil cónaí air i gcroílár an cheantair úd a mbíonn oiread tóir ag turasóirí air, ceantar an tsolais dheirg. Tá orm mo bhealach a dhéanamh tríd na sluaite; Meiriceánaigh, Sasanaigh agus Gearmánaigh a bhfuil barraíocht toitíní draíochta caite acu agus atá ag déanamh amadáin astu féin anois os comhair fuinneoga lasta na mban.

‘Cén chaoi a gcuireann tú suas leo?’ a fhiafraím de mo chara, an eachtra leis an gcloigín rothair a bhain díom roimh an gcruinniú fós ar m’aigne.

Cuireann sé méar amháin lena bheola agus ceann eile lena chluas. ‘An gcloiseann tusa iad?’

Táimid inár seasamh i ngáirdín dín ar chúl a árasáin. Níl ach cúig méadar – leithead a árasáin – idir sinn agus an Warmoesstraat, an tsráid is cáiliúla i gceantar an tsolais dheirg. Níl le cloisteáil ach giolcadh loin dhuibh i gcrann sailí.

Fág freagra ar 'Cuma na páirce spraoi ar Amsterdam ag barraíocht turasóirí?'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Nach raibh sé amhlaidh le scór blianta ar a laghad?

  • Pól Ó Muirí

    17 milliún turasóirí sa chathair amháin?

    Sin mo smaoineamh de ifreann.