Barr Smaise…le Micheál Ó Ciaraidh

Is é Micheál Ó Ciaraidh, láithreoir agus taighdeoir le Cúla 4 ar TG4 agus a roghnaíodh mar ‘an fear is galánta faisean’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2015, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

micheal o ciaraidh Cropped 2

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

… compordach, feiliúnach agus le fíorbheagán anró!

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Níl sé de nós agam a bheith ag amharc ar stíl daoine aitheanta. Má oibríonn rud amháin do dhuine amháin, ní chiallaíonn sé go n-oibreoidh sé duitse.  Is fearr liom mo stíl féin a chruthú! Ach sin ráite, faighim inspioráid ó a bheith ag faire ar na stíleanna atá le feiceáil ar an tsráid.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Ní chaithimse aon rud amach…tá éadaí agam a cheannaigh mé nuair a bhí mé 17 mbliana  – agus bím fós á gcaitheamh! Ní haon iontas go mbíonn daoine ag rá go bhfuil mé cosúil le déagóir. Is maith an rud nach bhfuil na roic ag teacht chun tosaigh!

Penney’s, Brown Thomas nó…

… is cuma… ceannaímse éadaí i ngach cineál siopa. Is cuma liom faoi bhrandaí… mar shampla ceannaím mo chuid t-léinte i Pennys mar go mbíonn rogha mhaith díobh ansin ach b’fhearr liom mo chótaí a cheannacht tigh Brown Thomas mar maireann siad níos faide go háirithe nuair a bhím ar an mbóthar i lár an gheimhridh. Ceannaímse mo chuid bléasair i Zara…..bristí i H&M…. bróga reatha i JD’s…. srl.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

… creid é nó ná creid – is maith liom mo chuid ‘thermals’. Tá branda darb ainm ‘Under-Armour’ ann fá choinne daoine a bhíonn ag rith. Bhí slaghdán orm cúpla uair an geimhreadh seo caite agus ceapaim go raibh baint mhór aige leis an easpa ‘under-layers’ a bhí orm is mé amuigh ag rith san aimsir chrua. Tá an stuif sin fíorthábhachtach ach, ar an drochuair, bíonn sé costasach go leor.

An bhfuil tú sách fearúil le maothóir (moisturiser) a chaitheamh?

Caithimse maothóir gach uile lá…. An chéad cheist eile?

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

Buataisí Dufair, jíons, t-léine shimplí agus bléasar…. Is fearr liom t-léine a chaitheamh is mé amuigh san oíche in áit léine fhoirmeálta. Tá sé tábhachtach a bheith compordach.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

… is cuma liom caidé a chaitheann siad, fad is atá siad compordach.

An lóis iarbhearratha (aftershave lotion) is ansa liom…

… Fierce – Abercrombie ☺….tá galún den stuif agam ó Mheiriceá.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Gan stocaí a chaitheamh chuig na Gradaim Chumarsáide agus an t-ainm ‘An Stócach gan stocaí’ a chruthú thart timpeall TG4! Ach tá sé ráite liom go bhfuil Pádhraic Ó Ciardha chun stocaí nua a ordú dom, chun a chinntiú nach dtarlóidh sé arís. AGOS! (ag gáire os ard)

Fág freagra ar 'Barr Smaise…le Micheál Ó Ciaraidh'