Barr Smaise…le Colm Ó Fátharta

Is é Colm Ó Fátharta, an t-aisteoir a bhíonn i bpáirt Evan i Ros na Rún, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Pic Colm Ó FathartaNa trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…gorm, compordach …gorm!

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Leis an fhírinne a rá, níl aon duine ar leith go ndéarfainn gur maith liom a stíl. Ceannaím éadach a fheicim agus a thaitníonn liom féin.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Geansaí foirne ó Chumann Mhícheál Breathnach atá agam le seacht mbliana agus, aisteach go leor, níl sé róbheag dom fós!

Penneys, Brown Thomas nó….

‘Born’ i nGaillimh – sa siopa sin a fhaighim an chuid is mó de mo chuid éadaí.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…culaith éadaigh nua, ceann trí phíosa.

An bhfuil tú sách fearúil le maothóir (moisturiser) a chaitheamh?

Ní chaithim maothóir. Bíonn an criú atá ag obair le Ros na Rún i gconaí ag tabhairt amach dom mar nach gcaithim é!

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

…léine agus jeans.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…is cuma liom. Fad is átá an cailín compordach, bheinn féin sásta. Ach ní maith liom é nuair a chaitheann daoine an iomarca smidiú – ní bhíonn sé ag teastáil!

An lóis iarbhearratha (aftershave lotion) is ansa liom…

Hugo Boss faoi láthair; athraíonn sé ó mhí go mí.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Níl a fhios agam ach tá mé cinnte go bhfuil go leor, leor acu déanta agam!

Fág freagra ar 'Barr Smaise…le Colm Ó Fátharta'