Barr Smaise…le Cáit de Bhailís

Is í Cáit de Bhailís ó Nuacht an Iarthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo.

Cáit de Bhailís (1)

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin… 

Sciobtha, éasca, agus te.

 Na pearsanra aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Michael Healy Rae agus a chaipín beag.

An láithreoir teilifíse, Mary Kennedy.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?       

Cóta a cheannaigh mo mhama dom.

Penneys, Brown Thomas nó….

New Look, is maith liom a bheith ag aithris ar na daoine óga!

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

Málaí láimhe de chuid an dearthóra Kate Spade (Cáitín Spáidín!)

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?   

Lastóir liopaí, uachtar Vichy agus ní fhágaim an baile d’oireasa mo Touche Éclat.

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin… 

Treabhsar leathair.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

Onesie!  (Pitséama aonphíosa)            

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…  

Missguided – cosúil liom féin!         

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Cóta rófada a chaitheamh – níl mé sách ard.