Barr Smaise…Áine Ní Churráin

Is í Áine Ní Churráin, láithreoir an chláir ‘Barrscéalta’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo.

Pic Áine Ní Churráin

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…clasaiceach, deartha go maith, agus compordach.

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

An t-aisteoir George Clooney agus Jackie Kennedy, (nach maireann).

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Cóta fionnaidh a cheannaigh mé i San Francisco sa bhliain 1974.

Penneys, Brown Thomas nó….

…Zara agus TK Maxx.

 Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…tuilleadh bróga agus málaí de gach cineál!

 Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa?

Séiream de chuid Estée Lauder, béaldath, agus maothóir.

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

…gloiní gréine!

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…stocaí agus cuaráin (sandals).

 An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

…tá an RTÉ Guide go maith.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Bristí ‘bellbottoms’ agus bróga ‘platforms’ le chéile, fadó, fadó!

Fág freagra ar 'Barr Smaise…Áine Ní Churráin'