BARR SMAISE

An tseachtain seo is í Eimear Ní Chonaola láithreoir nuachta TG4/RTÉ atá sa chathaoir i dteannta Sara Ní Chuirreáin

120829_M1_044

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos a dhéanamh ar mo stíl phearsanta féin…
Simplí, dath agus go minic caite le chéile!!

Na pearsana aitheanta – idir fhir agus mhná – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?
Mná aimsire TG4 – a bhíonn i gcónaí chomh dea-ghléasta agus faiseanta. Ní fhéadfaí Irial Ó Ceallaigh, fear na haimsire, a ligean i ndearmad ach oiread…fear a bhfuil an-smais ag baint leis i gcónaí.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?
Tá seanphéire jeans agam a cheannaigh mé blianta ó shin i Vero Moda, ach is breá liom i gcónaí iad.

Penneys, Brown Thomas nó….
Is breá liom an dá cheann…más píosa é go mbainfinn go leor caitheamh as, bheadh caighdeán níos fearr in éadaí Brown Thomas, ach do fix beag scioptha, ní féidir Penneys a bhualadh.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…
Cúpla gúna deas…idir Oireachtas na Gaeilge agus bainis mo dhearthár Macdara i mí na Samhna..beidh siad ag teastáil go géar….

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa?
Cinnte ní fhéadfainn déanamh gan mascara, mar gan é, breathnaím leath i mo chodladh, béaldath eicínt ó Mac agus is breá liom i gcónaí cumhrán eicínt a chaitheamh.

Ar choinnne chéad aithne (blind date) chaithfinn féin…
Jeans le barr deas, rud éigint simplí go n-athróinn compórdach ann.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…
Skinny jeans!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom?
Is maith liom breathnú ar Galway Now, Red agus Pinterest le feiceáil cé na stíleanna atá ag teacht chun tosaigh.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?
Blús bándearg éadrom a chaith mé uair amháin taobh istigh de sheaicéad, ach bhreathnaigh sé nach raibh tada orm!