Barr Smaise… Treasa Bhreathnach

Is í Treasa Bhreathnach, léiritheoir ar Blas ar BBC Raidió Uladh, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Treasa Bhreathnach

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…simplí, neamhfhoirmeálta agus compordach.

An bheirt aitheanta – fear agus bean – is fearr stíl, dar liom, ná…

Brad Pitt agus Amy Huberman.

An rud is sine i mo chófra/vardrús ná…

Seaicéad beag ildaite a fuair mé ag ‘sample sale’ i Nua-Eabhrac roinnt mhaith blianta ó shin.

Penneys, Brown Thomas nó…?

Zara, Mango nó Warehouse go hiondúil ach ar ndóigh is maith le chuile dhuine Pennys!

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…moll mór seodra den tseanré Art Deco.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa?

Folaitheoir, balsam béil Carmex agus línitheoir súl.

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

… rud éigin simplí agus clasaiceach – sála arda, brístí géine caola, barr deas agus seaicéad beag.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne agus aon cheann de na rudaí seo air…

…croiméal, culaith reatha, nó aon cheo a bhí róbheag dó.

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Is aoibhinn liom irisí Éireannacha mar go bhfuil a fhios agam gur féidir liom teacht ar an t-éadach atá le feiceáil iontu. Roinnt irisí is maith liom ná Umag, Grazia, agus Glamour.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Bhí an oiread acu ann, is tá mé cinnte go bhfuil neart fós le theacht! Ar mo chéad lá ar an meánscoil, bhí péire riteoga dubha agus bróga bána orm… tá mé fós náirithe ag cuimhniú air! Nó b’fhéidir mo chuid luiteoga (leggings) tie-dyed le buataisí móra corcra nuair a bhí mé i mo dhéagóir!

Fág freagra ar 'Barr Smaise… Treasa Bhreathnach'