Barr Smaise na bliana

Déanaimid ar fad botúin faisin in amanna a chuireann náire nó aiféala orainn níos deireanaí, ach céard iad na botúin a gcuimhníonn na réalta Gaelacha orthu mar a d’admhaigh siad sa cholún ‘Barr Smaise’?

Páidí

Is iomaí duine a bhfuil aithne mhaith orthu ag an saol Gaelach a bhí sách cineálta le páirt a ghlacadh sa sraith ‘Barr Smaise’ faoi chúrsaí faisin agus stíle ó seoladh Tuairisc.ie breis agus bliain ó shin. Is mór againn a gcúnamh agus a macántacht. Ach céard iad na peaca faisin is measa a rinne na pearsana aitheanta seo in imeacht na mblianta a fhágann dath dearg le náire ar a n-aghaidheanna anois? Chaith muid súil siar ar an méid a d’admhaigh cuid acu nuair a thugadar freagra ar an gceist seo….

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Pic Fionnuala

“Tá an pictiúr fós agam! Side-ponytail, treabhsar bán agus léine fhada bhán le t-léine dhubh faoi. ‘Monacróm’ na n-ochtóidí! Bhí mé ag dul ag mo chéad disco, i Halla Éinne ar an gCeathrú Rua. Is féidir go leor den mhilleán a chur ar ‘Madonna’ faoi seo.” – Fionnuala Ní Fhlatharta (Ros na Rún)

Treasa Bhreathnach
Treasa Bhreathnach

“Ar mo chéad lá ar an meánscoil, bhí péire riteoga dubha agus bróga bána orm… tá mé fós náirithe ag cuimhniú air! Nó b’fhéidir mo chuid luiteoga (leggings) tie-dyed le buataisí móra corcra nuair a bhí mé i mo dhéagóir!” – Treasa Bhreathnach (BBC)

Orla O’Donnell
Orla O’Donnell

“… an geansaí bán agus bándearg a chaith mé an t-am ar fad nuair a bhí mé thart ar 11/12 agus an bearradh gruaige dochreidte – an mullet – a chuaigh in éineacht leis! Tá na mílte botún eile déanta agam ó shin i leith.” – Orla O’Donnell (RTÉ)

Páidí

“Cheannaíos dhá phéire bríste Polo Ralph Lauren i House of Fraser – ceann acu bándearg agus ceann acu ar dhath gorm geal le suaitheantas an chomhlachta i ndath bán síos an chois dheas – ach an bhfuil a fhios agat, chaithfinn rud ar bith, áit ar bith!” – Páidí Ó Lionáird (TG4)

Mairéad Ní Nuadhnáin

“Cá dtosóidh mé? Bhí na clogs dearg agus buí sin… ansin bhí na jeans a phéintéail mé ó bhun go barr….agus ní féidir liom dearmad a dhéanamh ar an ngúna a rinne mé féin le haghaidh damhsa na n-innealtóirí in ÓEG fadó an lá…” – Mairéad Ní Nuadháin (RTÉ)

Denizen - Diarmuid de Faoite

“Mo bhirthday suit a chaitheamh in aois m’ocht mbliana os comhair na gcomharsan. Thuig mé an uair sin go raibh mé go maith ag déanamh seó bóthair díom féin.” – Diarmuid de Faoite (aisteoir)

Máirín Ní Ghadhra
Máirín Ní Ghadhra

“Bhí ‘jumpsuit’ bán agam i mo dhéagóir a gcaithfinn bróga bándearga leis. Uafásach!” – Máirín Ní Ghadhra. (RnaG)

“Aon ní a chaitheas agus mé im’ dhéagóir; péire jeans fáiscthe le slabhraí ag sileadh leo a ghoidinn om’ dheirfiúr go háirithe! A Mhuire…!” – Berní Ní Chuinn (Nuacht TG4)

Pic Seán Ó Baoill cropped

“Ní raibh a dhath maith go leor domsa ach péire ‘Rock Boots’ a fháil do mo chóineartú. Bhí mé ramhar go leor ag an aois sin. Bhí mo gheansaí scoile, a bhí gealghorm, teannta go leor trasna mo bhoilg agus ní raibh mo bhríste a dhath níos fearr. Ní raibh mé ard ach an oiread, agus ansin bhí na buataisí móra dubha seo orm clúdaithe le miotal agus iad trom! Tá náire orm anois agus mé ag smaoineamh ar an lá sin… ha!” – Seán Ó Baoill (Ros na Rún)

Áine Ní Churráin
Áine Ní Churráin

Bristí ‘bellbottoms’ agus bróga ‘platforms’ le chéile, fadó, fadó! – Áine Ní Churráin (RnaG)

Máire Bhreathnach
Máire Bhreathnach

“Bhí an-spéis go deo agam sa bhanna ceoil ‘The Cure’ agus mé ag fás aníos agus caithfidh mé a admháil gur chaith mé an smideadh bán, béal dath dearg agus an ghruaig spíonta i mbarr mo chinn agam. Tá na grianghrafanna sin uilig scriosta agam!” – Máire Bhreathnach (BBC)

Gormfhlaith Ní Thuairisg

“Chuile short ó 1983-1993. Ach is dócha gurbh iad na spéaclaí a roinn mé féin agus Pat Kenny sna blianta sin ba mheasa ar fad!” – Gormfhlaith Ní Thuairisg (RnaG)

Eimear Ní Chonaola
Eimear Ní Chonaola

“Blús bándearg éadrom a chaith mé uair amháin taobh istigh de sheaicéad, ach bhreathnaigh sé nach raibh tada orm!” – Eimear Ní Chonaola (Nuacht TG4)