Barr Smaise le…Aoife Ní Thuairisg

Is í Aoife Ní Thuairisg, Léiritheoir Láithreachais TG4, a chuireann an clár ‘Glór Tíre’ i láthair gach Céadaoin ag 10.30i.n. a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Aoife Ni Thuairisg- Glor Tire

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin… 

…compordach, muiníneach, suáilceach.

 Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo? 

Is maith liom stíl Cate Blanchett – i gcónaí snasta agus réitithe amach, ach ní roghnaíonn sí an gnáth rud. Cheapfainn go mbíonn Daniel Day Lewis i gcónaí ag breathnú go maith, agus níl an chuma air go bhfuil an lá caite aige á réiteach féin.

An rud is sine i mo chófra/vardrús? 

Diabhal mórán…blas ar bith nach gcaithim go rialta faigheann sé baile nua. Seans gurbh iad na bróga dubha a cheannaigh mé don chéad seoladh sceidil a láithrigh mé do TnaG – tuairim is seacht mbliana déag ó shin – an rud is sine i mo chófra.

Penneys, Brown Thomas nó… 

…meascán mearaí é i mo chás-sa. Is measa i bhfad an baol do na pinginí nuair atá mé ar líne…

 Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…gúna ó Helen Steele nó Tim Ryan

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Ola do m’éadan – bheinn réidh dá uireasa! Cumhrán – caithim an ceann céanna gach lá agus cé gur beag an rud é, cuireann sé bailchríoch orm sula bhfágaim an teach. An t-aon rud eile atá ag teastáil ná béaldath agus táim réidh!

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin… 

…hata mór agus spéaclóirí gréine… bheinn in ann éalú go ciúin dá mbeadh gá leis!

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh… 

…treabhsar a bhí fáiscthe air.

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Instagram

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Mo léan géar rinne mé neart botúin faisin… ach ceann de na cinn a ba bharúla ná nuair a d’fhuáil mé ribín na gcuirtíní ar phéire jeans agus mé i mo dhéagóir… Tá mo dheirfiur fós ag gáire fúm!

Fág freagra ar 'Barr Smaise le…Aoife Ní Thuairisg'