Barr Smaise le… Sláine Ní Chathalláin

Is í Sláine Ní Chathalláin, craoltóir le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…simplí, compordach, seodra!

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Fear: Daithí Ó Sé – bíonn sé i gcónaí gléasta i gceart don ócáid a mbíonn sé ag freastal uirthi. Bean: Deirfiúracha Hemsley (cócairí)…bíonn dathanna geala agus pátrúin spraíúla ag baint lena n-éadaí.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Mo ghúna ón Debs! Ní chaithim riamh é, ach ní féidir liom scaoileadh leis!

Penneys, Brown Thomas nó…

…ASOS!

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…vardrús nua glan agus chaithfinn amach na haon ní atá agam (bhuel, formhór gach aon ní)!

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Maothóir Yonka, ceann don lá, ceann don oíche agus scamhóir Yonka!

Ar choinne chéad aithne, chaithfinn féin…

…gúna a théann síos thar mo ghlúine, sáile arda le strapaí orthu agus casóg fhada.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…bríste leathana le broga dubha thíos fúthu!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

…ASOS, Asos Marketplace, ASOS ASOS ASOS! Iris, blag agus suíomh ar aon leathanach amháin!

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Béaldath go raibh glitter tríd a chaitheamh (fadó)!!

Fág freagra ar 'Barr Smaise le… Sláine Ní Chathalláin'