Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…
… ‘fit’ maith, glan, comhaimseartha (ceithre fhocal, tá a fhios am…!!)
Na daoine aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?
Páidí Ó Lionáird – Bíonn an-‘suit’ ar an bhfear céanna i gcónaí agus é i mbun oibre.
Laura Whitmore – óg, faiseanta agus thar a bheith slachtmhar!
An rud is sine i mo chófra/vardrús?
T-Léine ón bhféile Bricíní a bhíodh á reáchtáil ag Pléaráca….tá sé dul siar roinnt mhaith blianta, cheapfainn!
Penny’s, Brown Thomas nó….
…Hanley & Co i gcathair na Gaillimhe – is breá liom an siopa sin! Tá na brandaí móra uilig acu agus, ar ndóigh, tá sé go deas tacaíocht a thabhairt do ghnó áitiúil. Siopa áitiúil eile gurbh fhiú a lua é Born, atá lonnaithe sa chathair freisin; bíonn éadaí maithe d’fhir ann. Déanann an dá áit iarracht aithne a chur ort agus is deas an rud é sin.
Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…
..bhuel, d’íocfainn duine eicínt le mo chuid éadaí a eagrú dom…’stylist’, is dóigh!
An bhfuil tú sách fearúil le maothóir (moisturiser) a chaitheamh?
Eh, bhuel, scaití….th’éis mé fhéin a bhearradh b’fhéidir….féach an cheist thíos faoi lóis iarbhearrtha.
Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…
…T-léine nó léine, a fheileann do dhuine (‘fit maith’, mar a déarfá!), Jeans nó ‘chinos’ agus péire bróga deasa a théann leis an gcuid eile de na héadaí.
Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…
…hoodie!
An lóis iarbhearrtha (aftershave lotion) is ansa liom…
Décleor.
An botún faisin is mó a rinne mé riamh?
Stocaí agus ‘sandals’ a chaitheamh in éindí le bríste gearr nuair a bhí mé an-an-óg! ‘Mhaighdean…..
Fág freagra ar 'Barr Smaise le… Séamus Ó Scanláin'