Barr Smaise… le Norita Ní Chartúir

Is í an léachtóir cumarsáide agus an craoltóir Norita Ní Chartúir a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo.

Norita Ní Chartúr

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…compordach, scaoilte, éadrom.

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Amy Huberman,  Gerald Kean, Mary Kennedy.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Sciorta bándearg a chaith mé nuair a bhí mé sé bliana déag!

…Marks & Spencer.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…faisean? Ní hea ach teach sa nGréig!

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Ola ‘bio’, ola an chrainn tae agus veasailín.

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

…éadach compordach.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…gúna!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

…Tuairisc.ie

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Cóta mór buí a tugadh dom thall i mBostún.