Barr Smaise le… Máirín Ní Ghadhra

Is í Máirín Ní Ghadhra, a chuireann an clár ‘An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra’ i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Satharn, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo.

SONY DSC

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…compordach, míchúramach, éasca.

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

David Beckham (seachas an sarong!) agus Claire Byrne

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Seaicéad svaeide a cheannaigh mo thuismitheoirí dom do mo bhreithlá nuair a bhí mé bliain is fiche. Ní inseoidh cé mhéad bliain ó shin ach tá na “shoulder pads” chomh leathan le bus. 

Penneys, Brown Thomas nó….

Níl éadach Penneys sách mór agam agus tá Brown Thomas ródhaor! Ceannaím go leor ar líne. Is breá liom Macys.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…ticéad fillte go Nua-Eabhrac le seachtain a chaitheamh ag siopadóireacht!

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Maothóir, séiream don ghruaig agus Uachtar BB chun iarracht a dhéanamh an dath dearg ar na leicne a cheilt!

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

…treabhsar dubh agus blús/t-léine deas 

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…stocaí bána le bróga dubha ná léine bhán agus slabhra mór tiubh faoina mhuineál!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

…faraor, ní bhíonn am agam ceann a léamh. Fiú ag an ngruagaire is leabhair faoin bpolaitíocht a bhíonn agam.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Bhí ‘jumpsuit’ bán agam i mo dhéagóir a gcaithfinn bróga bándearga leis. Uafásach!

Fág freagra ar 'Barr Smaise le… Máirín Ní Ghadhra'