Barr Smaise…le Mairéad Ní Nuadháin

Is í Mairéad Ní Nuadháin, atá ina Ceannasaí ar Chaidreamh Seachtrach RTÉ, agus a roghnaíodh mar ‘an bhean is galánta faisean’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2015, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Mairéad Ní Nuadhnáin

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

… dána, pearsanta, scléip

Na pearsna aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Róisín Ní Eadhra – bíonn ‘surprise’ aici i gcónaí – agus Graham Norton.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Nuair a tháinig mo sheanmháthair abhaile ó Mheiriceá sna 1920í, thug sí carbhat fionnaidh abhaile léi – ‘silver fox’. Caithim chuile bhliain é agus is cuma liom faoi dhaoine a chaitheann spallaí faoi.

Penneys, Brown Thomas nó…

… Penneys le haghaidh stocaí, gruaig bhréige (dhá euro!), stuif don trá agus Brown Thomas i nGaillimh do rudaí eile toisc go bhfuil an fhoireann go hálainn ansin agus cuimhníonn siad ort!

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

… cóta nua samhraidh – dúirt mo sheanmháthair nach dteastaíonn tada le bheith dea-ghléasta in Éirinn ach cóta deas báistí.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Lán leoraí díobh – ach má chaithim rogha a dhéanamh……smidiú éadain, smidiú súl agus seirbhísí  gruaigeadóra.

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

… sálaí arda.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

… aon rud a thug a sheanmháthair abhaile.

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

… Grazia, agus comhrá le mo chairde agus mo dheirfiúracha. B’fhearr liom siopaí ná suímh faisin. Cá bhfuil an chraic ansin?

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Cá dtosóidh mé? Bhí na clogs dearg agus buí sin… ansin bhí na jeans a phéintéail mé ó bhun go barr….agus ní féidir liom dearmad a dhéanamh ar an ngúna a rinne mé féin le haghaidh damhsa na n-innealltóirí in ÓEG fadó an lá…

Fág freagra ar 'Barr Smaise…le Mairéad Ní Nuadháin'