Barr Smaise le… Máire Treasa Ní Cheallaigh

Is í Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4, a bheas ag láithriú ‘Cispheil Beo’ ar TG4 an 30 Eanáir idir 7.50pm -10pm agus an 31 Eanáir ó 5.10pm -7pm, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Maire Treasa Ni Cheallaigh

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

Céard atá glan?

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Jurgen Klopp mar gheall ar a chuid spéaclaí, a ghruaig agus na t-léinte deasa atá aige. Sabina Higgins. Bhí sí galánta riamh, ach ní raibh fhios ag an tír é sin go dtí gur dearnadh Uachtarán dá fear céile.

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Seanchardigan atá agam ó bhí mé i Scoil Chuimsitheach Chiaráin fadó agus chaithfeadh sé gur fhás sí liom mar téann sí orm go dtí an lá atá inniu ann, má bhím ag caitheamh an lá luite os comhair na teilifíse. 

Penneys, Brown Thomas nó….

Zara. Tá i bhfad an iomarca de mo chuid pá acu.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

Céard nach gceannóinn! Bróga agus seomra nua len’ iad ar fad a chur ar taispeántas ann.

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Donnú (tan) bréige, GHD agus mascára. 

 Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

…sála arda agus gúna deas, a bheadh compordach.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

…bríste nach gclúdaíonn a rúitíní, nó fear a chaitheann bróga gan stocaí. No!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Is breá liom an iris faisin a thagann leis an Irish Times. 

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Tá an oiread acu ann go ndeachaigh mé i gcomhairle le mo dheirfiúr! Bhí barr cineál saitín agam fadó, dath glas a bhí air, an dath céanna le smaois a deirtear liom. Agus ar fhaitíós nach raibh sé sin sách dona, chuir mé barr eile cniotáilte faoi, agus dath dearg air. Chaith mé ag an dioscó i Halla Einne go minic é, agus b’fhéidir go raibh drochbhail orm ach cheap mé gur ghearr le ‘brooch’ mé!

Fág freagra ar 'Barr Smaise le… Máire Treasa Ní Cheallaigh'