Barr Smaise… le Liadh Ní Riada, MEP

Is í Liadh Ní Riada, ball de Pharlaimint na hEorpa, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo.

 

8/2/2014. Sinn Fein Ard Fheis
Pictúr: Laura Hutton/Photocall IReland

3 fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

…simplí, compordach agus uaireanta quirky!

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Daithí Ó Sé agus Sharon Ní Bheoláin

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Geansaí tiubh dubh le m’athair is maith liom a chaitheamh ar laethanta fuara.

Penneys, Brown Thomas nó…

…amhail gach bean, ba bhreá liom Brown Thomas a rá, ach is baolach gurbh é a mhalairt atá fíor.  Is maith liom tacaíocht a thabhairt do na siopaí eadaí áitiúla i Maigh Chromtha agus i gCill Áirne.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

…buataisí cearta leathair agus, b’fheidir, cóta fada leathair chun caitheamh leo…agus mála agus smidiú iontach costasach, cumhráin is breá liom,  agus vardrús iomlán nua agus….agus agus…

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa…

….maothóir, mascára agus snas béil.

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

…rud éigin simplí, bheinn ag súil go mbeadh níos mó suime ag duine i mo phearsantacht seachas an áit a bhfuair mé mo chuid eadaí.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

..tank tops…ugh!

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Ní bhíonn am agam féachaint ar aon cheann.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Gach seans go mbíonn botúin faisin á ndeánamh agam gach lá!

Fág freagra ar 'Barr Smaise… le Liadh Ní Riada, MEP'