Barr Smaise le Fionnuala Ní Fhlatharta

Is í Fionnuala Ní Fhlatharta, aisteoir a bhíonn i bpáirt Bernie i Ros na Rún, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo

Pic Fionnuala

Na trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

Compordach, neamhfhoirmeálta ach galánta, más féidir!

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

Cate Blanchett agus Andre Van Noord

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

Cóta ‘Stefanael’ a cheannaigh mé i Venice ós cionn 10 mbliana ó shin!  Is breá liom cótaí agus fós caithim an ceann seo go minic! D’íoc mé pingin mhaith air ag an am, ach is fiú é sin a dhéanamh le cótaí thar aon rud eile, dar liom, mar má thugann tú aire dóibh, beidh siad agat ar feadh na mblianta.

Penneys, Brown Thomas nó…

is breá liom Warehouse agus Oasis sa chathair.  Ach gar dom féin, tá ‘Tigh Standún’ sa Spidéal agus faighim rudaí deasa ansin go minic. Tá branda áirithe acu gur breá liom, ‘White Stuff’ agus tá mé díreach tar éis blús dá gcuid a cheannach inniu, mar a tharlaíonn sé!

Dá mbeadh mo sparán lán…

… chuirfinn síneadh leis an teach chun vardús siúil isteach mór a thógáil dom féin! Faraor níl a leithéid agam agus, dá bhrí sin, tá éadach agus bróga liom stóráilte i mbeagnach chuile sheomra codlata sa teach.

Na trí earra nárbh fhéidir liom déanamh dá uireasa?

Mo mhála buí leathair (Orla Kiely), cóta dubh (Kate Cooper) agus hataí – is breá liom hataí!

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

… bheinn ag iarraidh a bheith neamhfhoirmeálta ach chic. Mar sin b’fhéidir jeans le blús deas, seaicéad agus buataisí le sála arda.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…

… bróga reatha ná culaith reatha.

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

… ‘U Magazine’ mar gur iris Éireannach atá ann agus, dá bhrí sin, tá chuile éadach agus oiriúint a luaitear ann le fáil go héasca. Freisin, níl sé ach €1.70.

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Tá an pictiúr fós agam! Side-ponytail, treabhsar bán agus léine fhada bhán le t-léine dhubh faoi. ‘Monacróm’ na n-ochtóidí! Bhí mé ag dul ag mo chéad disco, i Halla Éinne ar an gCeathrú Rua. Is féidir go leor den mhilleán a chur ar ‘Madonna’ faoi seo.

Fág freagra ar 'Barr Smaise le Fionnuala Ní Fhlatharta'