Barr Smaise le… Fiona Ní Fhlaithearta

Is í Fiona Ní Fhlaithearta, láithreoir aimsire le TG4, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo. Tá Fiona ainmnithe sa rannóg ‘An Phearsa nua is Fearr’ sna VIP Style Awards a bheidh ar siúl ar an 24 Aibreán. Tá nasc vótála ag bun an leathnaigh seo

Fiona Ní FhlaitheartaNa trí fhocal a roghnóinn le cur síos ar mo stíl phearsanta féin…

Banúil, compordach agus simplí. Ní minic a leanaim cúrsaí faisin ach ceannaím éadach atá oiriúnach dom féin.

Na pearsana aitheanta – fear agus bean – a cheapaim go bhfuil stíl fhaiseanta ag baint leo?

George Clooney agus Kate Middleton

An rud is sine i mo chófra/vardrús?

An seaicéad a chaith mé ag mo chomhneartú. Ní chaithim níos mó é, ar ndóigh, ach níor mhaith le mo mháthair é a chaitheamh amach.

Penneys, Brown Thomas nó…

Bím ag siopadóireacht sa dá áit. Penneys níos minicí ná BT, is dóigh. Is breá liom leithéidí New Look, River Island, srl. freisin.

Dá mbeadh mo sparán lán, cheannóinn…

Gúnaí, gúnaí agus tuilleadh gúnaí!

Na trí earra áilleachta/maisíochta nárbh fhéidir liom déanamh dá n-uireasa?

Maothóir, balsam béil & púdar (don shine!)

Ar choinnne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin…

Seans maith go gcaithfinn gúna (ach ní gúna giortach – ní chaithim ariamh iad). Tá mé níos compórdaí i ngúnaí ná i mbrístí.

Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh… 

… skinny jeans

An iris, suíomh nó blag faisin is ansa liom…

Tá cúpla ceann ann – is breá liom So Sue Me, Anna MUA agus Penny & Polaroids

An botún faisin is mó a rinne mé riamh?

Faraor, tá neart déanta agam agus tá mé cinnte go ndéanfaidh mé cúpla ceann eile.

* Is féidir vóta a chaitheamh do Fiona do na gradaim stíle VIP ag www.vipstyleawards.ie/showFavourites.aspx?id=2

Fág freagra ar 'Barr Smaise le… Fiona Ní Fhlaithearta'